Tar éis don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair a bheith curtha ar ceal do 2020, is díol sásaimh don Chomhairle Ealaíon spriocdháta nua a fhógairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo dul ar camchuairt idir mí na Bealtaine agus mí na Nollag 2021. Is é is aidhm don Scéim tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar réimse d’fhoirmeacha agus cleachtais ealaíon.
Is é an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó mhí na Bealtaine go mí na Nollag 2021 ná Déardaoin, an 11 Feabhra 2021.
Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ón 12 Eanáir 2021.
Tá an scéim seo oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo léiriúcháin a thabhairt ar camchuairt idir mí na Bealtaine agus mí na Nollag 2020, agus atá ina gcónaí nó bunaithe i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann.
Chun na critéir nuashonraithe a fháil i ndáil le COVID-19 féach ar na treoirlínte go cáiréiseach.
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.
Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.