Maoiniú Síolaithe fógartha le haghaidh Áiteanna Ildánacha Thuama
 |
Áiteanna Ildánacha Thuama: Áiteanna Ildánacha píolótach na Comhairle Ealaíon | D’éirigh leis an gclár Cumas Ceantar, faoi bhainistíocht Create, bealaí nua a aimsiú chun naisc a chruthú le pobal Thuama, agus na naisc sin a fhorbairt, le roinnt míonna anuas.
Bunaíodh Maoiniú Síolaithe le haghaidh Áiteanna Ildánacha Thuama chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ealaíontóirí agus pobail araon mar gheall ar COVID-19. A bhuí leis an Maoiniú Síolaithe, tá daoine aonair agus grúpaí in ann taighde nó tionscadail a rachaidh chun tairbhe phobal Thuama a mhaoiniú, agus sa chaoi sin, tacaíonn an Maoiniú Síolaithe le bealaí nua smaointeoireachta, le himeachtaí nó le gníomhaíochtaí nua. Cruthóidh sé deiseanna nua do ghrúpaí sibhialta, grúpaí sóisialta agus pobail agus do dhaoine aonair smaointe nua a fhorbairt agus cuirfidh sé na hacmhainní ar fáil dóibh le go mbeidh siad fós in ann a bheith gníomhach, cromtha ar an obair agus ceangailte.
Tá an pobal i gcroílár Áiteanna Ildánacha agus, mar sin, beidh dearcthaí ó dhaoine áitiúla ina gcuid den thionscadal rathúil. A bhuí le tacaíocht airgeadais sa bhreis ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, cuireadh maoiniú ar fáil do scór duais. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo
Seolfar suíomh gréasáin nua don tionscadal www.creativeplacestuam.ie i mí na Samhna agus is féidir an tionscadal a leanúint ar Facebook agus ar Instagram
 |
|