Meabhrúchán faoi Scéimeanna Amharclannaíochta le Teacht
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de na Scéimeanna Amharclannaíochta 8 Aibreán.
An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta deis a thabhairt d’ealaíontóirí amharclannaíochta gairmiúla clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid ealaíon, le féilte, agus le húdaráis áitiúla. I ngach cás, déanfaidh an t-ealaíontóir amharclannaíochta gach a mbeidh i gceist leis an gclár oibre go sonrach a dhearadh i gcomhar le hionad nó féile ealaíon agus le húdarás áitiúil.
Beidh an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta ar oscailt do:
- Ealaíontóirí amharclannaíochta gairmiúla nó eagraíochtaí amharclannaíochta a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann agus a bhfuil tacaíocht thiomanta acu ó údarás áitiúil amháin agus ó ionad ealaíon amháin ar a laghad agus comhpháirtíocht le hionad ealaíon agus/nó féile amháin.
- Údaráis áitiúla a bhfuil sé beartaithe acu cónaitheacht d’ealaíontóir amharclannaíochta gairmiúil a bhunú ag a bhfuil tacaíocht thiomnaithe ó ealaíontóir amharclannaíochta gairmiúil nó eagraíocht amharclannaíochta agus ionad agus/nó féile ealaíon amháin ar a laghad.
Is féidir teacht ar threoirlínte anseo
Scéim um Thaighde agus Fhorbairt Amharclannaíochta
Is éard is aidhm leis an Scéim um Acmhainní Amharclannaíochta agus Forbairt ar an Amharclannaíocht bonneagar comhoibríoch a fhorbairt lena gcuirtear dea-chleachtas chun cinn i dtaca le saothar agus cleachtas ealaíontóirí amharclannaíochta a fhorbairt, a léiriú agus a scaipeadh ar fud na hÉireann.
Cuireann iarratasóirí clár acmhainne agus/nó forbartha ina mionsonraítear an bonneagar, na hacmhainní agus an saineolas a chuirfidh siad ar fáil, mar aon le sonraí faoin dóigh a roghnóidh siad na healaíontóirí agus na compántais rannpháirteacha agus an chaoi a rachaidh an roinnt acmhainní chun sochair d’ealaíontóirí amharclannaíochta ar bhonn inbhuanaithe.
Glacfar le hiarratas ó eagraíochtaí amharclannaíochta agus ó eintitis amharclannaíochta ar féidir leo léiriú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu go dtí seo agus ar an réimse leathan acmhainní atá ar fáil dóibh, lena n-áirítear comhpháirtíocht le heagraíocht amharclannaíochta amháin ar a laghad a mhaoiníonn an Chomhairle Ealaíon. Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm leis an togra tacaíocht struchtúrtha a thabhairt do shaothar agus/nó do shlí bheatha ealaíontóir gairmiúil amharclannaíochta.
Is féidir teacht ar threoirlínte anseo