I mí na Nollag fuair an Chomhairle Ealaíon a leithdháileadh buiséid 69.15 milliún le haghaidh na bliana 2010. Léiríonn an leithdháileadh seo laghdú suntasach maoinithe, ach aithníonn an Chomhairle an dúshlán mór atá roimh an Rialtas agus creideann sí go gcuireann an soláthar, in ainneoin an bhrú ar acmhainní poiblí, béim ar thiomantas an Rialtais, agus go háirithe ar thiomantas an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Martin Cullen TD, i leith na n-ealaíon. Cé go rachaidh na ciorruithe i bhfeidhm go crua ar an earnáil, tá sé ráite ag an gComhairle Ealaíon go mbainfidh sí leas as a taithí agus go ndéanfaidh sí athdhúbailt ar a hiarrachtaí chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine ar fud na tíre ar rogha agus togha na n-ealaíon in 2010.
Is ísliú suntasach maoinithe atá sa leithdháileadh seo, agus beidh tionchar nach beag aige ar fud na hearnála, go háirithe i bhfianaise íslithe roimhe seo. In 2009, i ndiaidh di €73.35 milliún a fháil san iomlán mar dheontas i gcabhair, rinne an Chomhairle Ealaíon gach iarracht éifeacht na laghduithe a mhaolú maidir lena deontas d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí agus chun an luach is fearr ar airgead poiblí a fháil. Bhain an Chomhairle leas as coigilteas ó bhlianta roimhe seo agus dháil sí chuid dá buiséad le haghaidh 2010 roimh ré fiú. Cé go rabhamar in ann beagnach €78 milliún a infheistiú in 2009 de thairbhe seo, is léir ó uimhríocht shimplí go mbeidh an t-ísliú go leibhéil 2010 níos deacra fós.
Fós féin, tá an t-eolas a theastaíonn chun an t-airgead seo a infheistiú go críonna ag an gComhairle Ealaíon, agus déanfaimid athdhúbailt ar ár n-iarrachtaí chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag daoine ar fud na tíre ar rogha agus togha na n-ealaíon in 2010.
Tá ráiteas iomlán ónar gCathaoirleach, Pat Moylan, ar fáil i nuachtlitir na míosa seo.
Sa nuachtlitir freisin tá fógra faoi fhoilseachán nua ó Create agus ón gComhairle Ealaíon ina bhfuil ceithre aiste ó fhaighteoirí Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal. Tá faisnéis againn freisin faoi fhoilseachán le déanaí dar teideal 'Guidelines for Good Practice for Participatory Arts in Healthcare Contexts' [Treoirlínte Dea-Chleachtais le haghaidh Ealaíona Rannpháirteachais i gComhthéacsanna Cúraim Shláinte] arna fhoilsiú ag Waterford Healing Arts Trust, Clár Ealaíona agus Sláinte Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte Theas (Corcaigh), le cúnamh airgeadais ón gComhairle Ealaíon. Cuireadh na Treoirlínte le chéile chun treoir shoiléir, achomair, atá éasca le húsáid, a chur ar fáil dóibh siúd atá ag obair i réimse na n-ealaíon rannpháirteachais i gcomhthéacsanna cúraim shláinte.
An mhí seo freisin cuirimid i gcuimhne duit an spriocdháta le haghaidh an chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Sparánachta; fógraímid faighteoirí na mbabhtaí is déanaí de Deis, agus tá faisnéis againn faoi cheapachán na gcoimeádaithe a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an Biennale Ailtireachta sa Veinéis.
Ag deireadh na nuachtlitreach tá na hailt rialta uainn maidir le nuacht ó phobal na n-ealaíon agus deiseanna idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha.
Mary Cloake,
Stiúrthóir
Uaireanta Oscailte
Seachtain na Nollag
Déardaoin 24 Nollaig 2009 (go dtí 1 i.n.) | Ar oscailt |
Dé hAoine 25 Nollaig 2009 | Dúnta |
Dé Luain 28 Nollaig 2009 | Dúnta |
Dé Máirt 29 Nollaig 2009 | Dúnta |
Seachtain na hAthbhliana
Dé Céadaoin 30 Nollaig 2009 | Ar oscailt |
Déardaoin 31 Nollaig 2009 | Ar oscailt |
Dé hAoine 1 Eanáir 2010 | Dúnta |