San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Breac síos an dáta: Comhdháil lae na Comhairle Ealaíon maidir le Comhlíonadh agus Rialachas Dé Luain an 29 Meitheamh
An Chomhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland fhógairt Ceangal na nEalaíon scéim
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Deis – 5.30pm, Déardaoin an 4 Meitheamh 2015
Spriocdháta: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair – Eanáir go Meitheamh 2016
Meabhrúchán: Spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2015
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ón bPobal
Nuacht ón bPobal
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir

Fógraíodh ‘Gairm Oscailte’ na Comhairle Ealaíon ar thionscadail mhóra náisiúnta mar chuid de chlár Éire 2016, agus tá lúcháir orm a insint duit go bhfuil iarratais ó ealaíontóirí agus eagraíochtaí ar fud na tíre faighte againn cheana féin inár gcóras ar líne anseo i gCearnóg Mhuirfean.


Tá gach uile rud réidh!


Tá buiséad €1 mhilliún leagtha síos lena n-áirítear suas le €500,000 curtha ar leataobh le haghaidh aon tionscadail amháin.


Rinneamar na príomhróil i leith bainistíocht tionscadal a mheas go críochnúil chun treoir a thabhairt do na hiarratais bhuaiteacha go dtí na láithreoireachtaí poiblí an bhliain seo chugainn, agus déanfar iad sin a fhógairt go luath.


Tá ár ngiúiré, ar a bhfuil dearcadh agus saineolas Éireannach agus idirnáisiúnta, roghnaithe agus fógrófar é níos faide anonn an mhí seo.


Nocht an Rialtas, i dteannta thacaíocht na bpríomhpháirtithe freasúra uile, cruth an chláir náisiúnta. D’áitigh an Taoiseach, Enda Kenny, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, agus an tAire Stáit um Chultúr, Aodhán Ó Ríordáin, go mbeidh na healaíona i gcroílár Éire 2016.


Tá rud amháin ar iarraidh, áfach – an t-iarratas seo agatsa!


Táimid ag lorg rud éigin an-speisialta, smaointe a spreagfaidh muintir na hÉireann nuair a chuirfear i láthair iad an bhliain seo chugainn agus sna blianta amach romhainn. Gairm oscailte é seo do shamhlaíocht na hÉireann, deis dár n-ealaíontóirí nach dtagann thart ach uair sa ghlúin.


Níl sé ró-dhéanach iarratas a dhéanamh. Is é an dáta deiridh Dé Céadaoin, an 15 Aibreán ar 5.30pm, ach mholfainn duit gan é a fhágáil go dtí an nóiméad deireanach. Bíodh a fhios agat nach féidir leat ach iarratas a dhéanamh ar líne, agus nach mór duit a bheith cláraithe leis an gComhairle Ealaíon, ar líne chomh maith, sula ndéanann tú iarratas.


Le dea-mhéin,



Orlaith McBride
Stiúrthóir

Email Newsletter Software by Newsweaver