The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta arna óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt
Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’: ag cruthú rannpháirtíochta éagsúil sna healaíona 28 Márta 2019 – Cuimhnigh ar an dáta
Tá Comhairleoir le haghaidh Céatadán ar son na hEalaíne á lorg ag an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 17 Eanáir 2019
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019
Duais Mac Léinn agus Dámhachtain Taistil Ollúnacht Éigse Éireann
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Anthony Cronin 2019
Nuacht ón bPobal
Nollaig na mBan 2019
Buaiteoir Dhámhachtain Sparánachta Jack Harte 2019 fógartha
Gairm oscailte ó The Waterford Healing Arts Trust ar Ealaíontóir Cónaithe na bliana 2019
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Achoimre ar imeachtaí 2018
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé Luain 19 Nollaig.

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta arna óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon (do scríbhneoirí atá ag obair i mBéarla) Déardaoin, an 31 Eanáir 2019 ag 5.30pm. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinic faisnéise eile, arna óstáil ag Ionad Litríochta an Deiscirt, roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.



Léigh a thuilleadh >>




Comhdháil ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’: ag cruthú rannpháirtíochta éagsúil sna healaíona 28 Márta 2019 – Cuimhnigh ar an dáta

Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon agus an Rialtas Áitiúil an dara comhdháil débhliantúil seo ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna’ ar an 28 Márta 2019 i Halla Bailey Allen, OÉ Gaillimh.

 

 



Léigh a thuilleadh >>




Tá Comhairleoir le haghaidh Céatadán ar son na hEalaíne á lorg ag an gComhairle Ealaíon

Tá tairiscintí á lorg ó sholáthraithe seirbhíse a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu mar Chomhairleoir le haghaidh Céatadán ar son na hEalaíne chun comhairle maidir le straitéis, beartas agus forbairt a chur ar fáil i gcomhair Céatadán ar son na hEalaíne le tacaíocht ón earnáil ar feadh tréimhse trí bliana agus féadfar é a shíneadh ansin ar feadh bliain amháin eile.



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 17 Eanáir 2019

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Liam O’Flynn ná Déardaoin, 17 Eanáir 2019 ag 5.30 p.m. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 11 Nollaig 2018.

Is comhthionscnamh idir An Chomhairle Ealaíon agus an Ceoláras Náisiúnta é Dámhachtain Liam O’Flynn mar chuid den chomhoibriú atá ar bun acu chun na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn, tuiscint ar na healaíona traidisiúnta a chothú agus léiriú a dhéanamh ar a thaitneamhaí atá na healaíona traidisiúnta, tá an fhéile ceoil thraidisiúnta Tradition Now mar chuid den obair seo freisin.



Léigh a thuilleadh >>




An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, 31 Eanáir 2019

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 31 Eanáir 2019

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 18 Nollaig 2018



Léigh a thuilleadh >>




Duais Mac Léinn agus Dámhachtain Taistil Ollúnacht Éigse Éireann

Tá áthas ar Iontaobhas Ollúnacht Éigse Éireann bunú Dhuais Mac Léinn Ollúnacht Éigse Éireann agus an dáta deiridh don Dámhachtain Taistil atá le bronnadh go luath a fhógairt.



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Anthony Cronin 2019

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí atá i lár a ngairme, i mBéarla nó i nGaeilge, agus a oibríonn in aon fhoirm, cur isteach ar dhámhachtain eisceachtúil in ómós Shaoi Aosdána Anthony Cronin. 



Léigh a thuilleadh >>

Nuacht ón bPobal
Nollaig na mBan 2019

Tá áthas ar an Áras na Scríbhneoirí Nollaig na mBan a chur i láthair in EPIC The Irish Emigration Museum, Dé Domhnaigh, 6 Eanáir ag a 7 pm. De bharr éileamh an phobail, tá an t-imeacht seo á bhogadh go dtí ionad níos mó agus níos fearr ag EPIC.



Léigh a thuilleadh >>




Buaiteoir Dhámhachtain Sparánachta Jack Harte 2019 fógartha

Tá áthas ar Áras na Scríbhneoirí a fhógairt gurb í an scríbhneoir Jan Carson faighteoir Dhámhachtain Sparánachta Jack Harte 2019 i gcomhar le hIonad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg.



Léigh a thuilleadh >>




Gairm oscailte ó The Waterford Healing Arts Trust ar Ealaíontóir Cónaithe na bliana 2019

D’fhógair Waterford Healing Arts Trust (WHAT) gairm oscailte ar ealaíontóirí de dhisciplíní ealaíon éagsúil iarratas a chur isteach chun bheith ina nEalaíontóir Cónaithe in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge (UHW) in 2019. 



Léigh a thuilleadh >>


Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Achoimre ar imeachtaí 2018

Bliain den scoth a bhí againn in 2018 in Oifig Cultúir na hÉireann de chuid Dheasc na hEorpa Cruthaithí.

Téimid ó cheann ceann na tíre gach bliain, rud a rinneamar arís in 2018. D’eagraíomar imeachtaí agus ghlacamar páirt iontu, ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i nGaillimh, Cill Chainnigh, Corcaigh, Port Láirge agus Béal Feirste chomh maith.  Bhíomar páirteach i níos mó ná 14 imeacht, ar imeachtaí iad a d’eagraíomar linn féin nó i gcomhpháirt le dream eile.



Léigh a thuilleadh >>