An mhí seo, reáchtáil an Chomhairle Ealaíon comhdháil don 400 eagraíocht a fhaigheann maoiniú uaithi. Dhírigh an chomhdháil ar dhaonchairdeas éifeachtach agus gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid corparáideacha. Thug an chomhdháil leideanna praiticiúla agus ‘fios gnó’ ríthábhachtach do na heagraíochtaí maidir le bainistíocht i rith na géarchéime eacnamaíochta, daonchairdeas éifeachtach agus gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid corparáideacha. Is féidir ár ráiteas iomlán i leith na comhdhála a léamh i nuachtlitir na míosa seo.
Reáchtáladh an comhchruinniú bliantúil idir an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an mhí seo. Pléadh roinnt réimsí móra comhoibrithe ag an gcruinniú, ina measc an staidéar ar choinníollacha maireachtála agus oibre ealaíontóirí atá beagnach tugtha chun críche.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tús nua a chur leis an Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla agus tá sraith nua faoi ilchineálacht chultúrtha sa scéim anois. Scéim í seo a bhfuil sé de chuspóir aici comhpháirtíochtaí nua agus tionscadail nuálaíocha sna healaíona comhpháirteacha faoi stiúir na n‑údarás áitiúil a spreagadh, lena n‑áirítear tionscadail shainiúla i réimse na hilchineálachta cultúrtha agus na n‑ealaíon. Is é an spriocdháta le hiarratais ar líne ar an scéim seo a fháil ná Déardaoin, an 3 Meitheamh 2010 ag 5:30 i.n.
Ina theannta sin, tugtar na cinntí faoin gcéad bhabhta de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal in 2010. Is í aidhm na scéime comhoibriú ciallmhar a spreagadh idir pobail áite agus/nó suime agus ealaíontóirí. Déanann an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar an scéim seo, agus is é Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha um ealaíona comhpháirteacha, a dhéanann an scéim a riar. Tá eolas againn maidir leis an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair 2011 – 2015, a leanfaidh ón scéim eatramhach a tugadh isteach i gcomhair na bliana 2010.
Tá sonraí againn freisin i nuachtlitir mhí Aibreáin faoin seachtar comhaltaí nua ar Aosdána. Leis na comhaltaí nuathofa san áireamh is é comhaltas reatha Aosdána anois ná 246.
In alt eile sa nuachtlitir, meabhraímid gurb é an 6 Bealtaine 2010 an spriocdháta don Dámhachtain Coimisiún sa Cheol agus don Dámhachtain Coimisiún Traidisiúnta. Tá faisnéis nua againn maidir le seirbhísí ar líne, agus cuirimid béim uair amháin eile ar chomh tábhachtach is atá sé clárú chun cuntas a fháil leis na seirbhísí ar líne chomh luath agus is féidir roimh iarratas a dhéanamh. Nuair a chláraíonn tú, is féidir leat do chuid sonraí a choinneáil suas chun dáta leis an gComhairle Ealaíon, sonraí teagmhála go háirithe.
Tá an t‑alt rialta maidir le nuacht ó lucht na n-ealaíon agus faisnéis ar shuíomh Gréasáin nua an Phointe Teagmhála Cultúrtha le fáil ag deireadh na nuachtlitreach.
Mary Cloake
Stiúrthóir