Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le hollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhalta a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile bualadh le scríbhneoir cleachtach agus scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta cruthaithí a fhorbairt leis/léi, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí cruthaitheacha a saothar a fhorbairt fad is atá siad i seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha le gradam le haghaidh Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon / UCD arna maoiniú ag UCD agus an Chomhairle Ealaíon.
Is é is aidhm le post an Scríbhneora Chónaithe deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do mhic léinn ag an am céanna oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá ag cleachtadh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir. Ceapfar an Scríbhneoir Cónaithe ar feadh seimeastair amháin (Eanáir – Meitheamh 2016) agus íocfar €18,300 leis an iarratasóir a n-éireoidh leis/léi. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe ag obair i Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta.
Ba cheart d’iarrthóirí ar spéis leo a bheith páirteach litir chumhdaigh ina leagtar amach a fís don ról, smaointe le dul i ngleic le pobal na hollscoile, a réimsí spéise, taithí múinteoireachta (más ann dá leithéid) mar aon le CV iomlán ina luafar ainm agus sonraí teagmhála 3 moltóirí, a chur isteach chuig an Ollamh Danielle Clarke, Ceann Scoile, Scoil an Bhéarla, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta, Belfield, Baile Átha Cliath 4.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná tráth nach déanaí ná 12 meán lae, an 28 Lúnasa 2015. Reáchtálfar agallaimh timpeall mí ina dhiaidh sin in UCD. D’fhéadfaí gearrliosta a chur i dtoll a chéile.
Chun faisnéis a fháil maidir le Scríbhneoireacht Chruthaitheach in UCD: James Ryan, Léachtóir le Scríbhneoireacht Chruthaitheach, james.ryan@ucd.ie, 01 716 8184.
Má bhíonn aon cheisteanna ginearálta agat faoin bpost: An tOllamh Danielle Clarke, Ceann Scoile, danielle.clarke@ucd.ie, 01 716 8694
Is féidir sonraí na gclár ar fad a fháil ag http://www.ucd.ie/englishanddrama/graduatestudies/maprogrammes/creativewriting/
Comhaltacht Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon/Ollscoil Luimnigh
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha le cáil mhaith le haghaidhChomhaltacht Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon / Ollscoil Luimnigh arna maoiniú ag Ollscoil Luimnigh agus ag an gComhairle Ealaíon.
Beidh Comhaltacht an Scríbhneora Chónaithe ar siúl don tréimhse ó Eanáir – Meitheamh 2016, nó, má fheileann sé don Chomhalta, ar feadh na bliana féilire ar fad Eanáir – Nollaig 2016. Beidh an Comhalta mar chuid de phobal Scríbhneoireachta Cruthaithí Ollscoil Luimnigh agus rachaidh sé/sí i ngleic le mic léinn, le baill foirne agus leis an bhfoireann teagaisc ar roinnt bealaí. Beidh deis ag an gComhalta a s(h)aothar féin a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil. Is ionann an stipinn don Chomhaltacht agus €20,000.
Iarrtar ar iarrthóirí ar spéis leo a bheith páirteach litir chumhdaigh ina leagtar amach a réimsí spéise, taithí múinteoireachta (más ann dá leithéid), smaointe le haghaidh rannpháirtíochta i gclár Scríbhneoireacht Chruthaitheach Ollscoil Luimnigh, mar aon le CV iomlán ina luafar ainm agus sonraí teagmhála 3 moltóirí, a chur isteach chuig: An tOllamh Joseph O’Connor, Cathaoirleach McCourt ar an Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Scoil an Chultúir agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh, nó trí ríomhphost a chur chuig an Ollamh O’Connor, faoi chúram Claire.ryan@ul.ie
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná tráth nach déanaí ná 12 meán lae, an 28 Lúnasa 2015. Reáchtálfar agallaimh timpeall mí ina dhiaidh sin in Ollscoil Luimnigh. D’fhéadfaí gearrliosta a chur i dtoll a chéile.