1. Spriocdhátaí i gcomhair deontas agus dámhachtainí in 2011
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdhátaí 2011 i gcomhair deontas agus dámhachtainí.
Léigh tuilleadh
2. Cinntí: Dámhachtainí Tionscadal 2011
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon na cinntí maidir leis na Dámhachtainí Tionscadal 2011.
Léigh tuilleadh
3. Cinntí: Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2011, babhta 1
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis na faighteoirí rathúla faoi bhabhta a haon de Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga i gcomhair 2011 a fhógairt.
Léigh tuilleadh
4. Meabhrúchán: Spriocdháta i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta - 5:30 i.n., Déardaoin, 20 Eanáir 2011
Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Sparánachta ná Déardaoin, an 20 Eanáir, 2011 ag 5.30 i.n.
Léigh tuilleadh
5. Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon Beartas agus Straitéis nua ar na hEalaíona agus an tSláinte
Tá beartas agus straitéis nua ar na healaíona agus an tsláinte forbartha ag an gComhairle Ealaíon i ndiaidh tréimhse comhairliúcháin agus taighde leis an earnáil ealaíon agus sláinte.
Léigh tuilleadh
6. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go ndéanfar suíomh Gréasáin náisiúnta neamhspleách nua a fhorbairt do na hEalaíona agus an tSláinte
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt, i ndiaidh próiseas roghnúcháin, go ndéanfaidh Waterford Healing Arts Trust agus Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha um ealaíona comhpháirteacha, forbairt le chéile ar shuíomh Gréasáin náisiúnta neamhspleách nua do na healaíona agus an tsláinte.
Léigh tuilleadh
7. Suíomh Gréasáin nua ealaíne poiblí - an chéad acmhainn ar líne de chuid na hÉireann um an ealaín phoiblí
Is mar ardán dinimiciúil dóibh siúd atá nó a bheidh ag obair i réimse na healaíne poiblí in Éirinn a ceapadh an suíomh Gréasáin nua ealaíne poiblí publicart.ie.
Léigh tuilleadh
8. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Áirítear ar an nuacht ó phobal na n-ealaíon i mí na Nollag: cuireadh chun iarratas a dhéanamh do Chlár SPACE 2011 de chuid The Performance Corporation, cónaitheacht a thugann deis d’ealaíontóirí as gach disciplín comhoibriú, taithí a fháil agus a bheith nuálaíoch i dtimpeallacht spreagúil; lorgaíonn Buí Bolg cúntóir cultacha agus cúntóir díolachán agus margaíochta;Practice.ie ar thóir ealaíontóirí a oibríonn le leanaí idir 0-3 bliana d’aois chun páirt a ghlacadh i dtuarascáil maidir le cleachtas ealaíon a leagan amach sna luathbhlianta in Éirinn; seoltar acmhainn nua (www.irishmusiceducation.ie) don phobal oideachais cheoil.
Léigh tuilleadh
9. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí na Nollag: faisnéis maidir le deiseanna maoinithe do thionscadail aistriúcháin liteartha; ba mhaith le Pointe Teagmhála Cultúrtha na hÉireann a chloisteáil faoi aon imeachtaí ealaíon, seimineáir agus aon chomhdhálacha le haghaidh 2011 a bhfuil raon idirnáisiúnta acu; is féidir clárú anois don Chomhdháil Culture in Motion i bhFeabhra 2011; tugaimid sonraí faoi Bhliain Eorpach na hOibre Deonaí 2011 agus ar deireadh tá an tÚdarás Comhionannais ag lorg nochtadh spéise don Chiste Nuálaíochta Eorpach atá ar oscailt d’eagraíochtaí ealaíon.
Léigh tuilleadh
|
|