Imeachtaí Náisiúnta Ceiliúrtha na Scoileanna Ildánacha
 |
Reáchtálfar ceiliúradh náisiúnta ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht i scoileanna agus in ionaid tionóil ar fud na tíre i mí na Samhna 2019. Beidh deis ag leanaí agus daoine óga a dtaithí ar na healaíona agus ar an bhfoghlaim chruthaitheach a thaispeáint trína rannpháirtíocht sa tionscnamh Scoileanna Ildánacha.
Dáta: 4–8 Samhain 2019
Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na seachtaine agus beidh clár imeachtaí ar bun sna hionaid tionóil réigiúnacha ealaíon: Dún na nGall - Ionad Ealaíon Balor, Corcaigh - Ionad Ealaíon Triskel, Gaillimh - Amharclann Oileán Altanach, an Iarmhí - Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr agus Baile Átha Cliath - Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Is féidir le scoileanna a gcuid oibre agus a cruthaitheachta a cheiliúradh mar chuid de chlár na Scoileanna Ildánacha sna spásanna ealaíon sin nó ina scoileanna féin. Tugtar cuireadh do na scoileanna uile an chruthaitheacht ina scoileanna féin a cheiliúradh cibé acu atá siad mar chuid de thionscnamh na Scoileanna Ildánacha nó nach bhfuil. Mar chuid den tseachtain ceiliúrtha, cuirfear acmhainní ar fáil go díreach do na scoileanna chun cabhrú leo na laethanta seo a chur ar siúl. #MyCreativeSchool
Le linn na seachtaine seo de cheiliúradh na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i scoileanna, reáchtálfar Lá Tairsí Náisiúnta na nEalaíon san Oideachas Dé Sathairn, 9 Samhain.
 |
|