1. Vital Signs Arts & Health Programme 2009: Comhdháil agus Taispeántas
Tá an Chomhairle Ealaíon ag obair le Create, an ghníomhaireacht forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach, chun Vital Signs, an Arts and Health Programme a chur i láthair san fhómhar.
Léigh tuilleadh
2. An bhfuil d’imeacht uaslódáilte agat ar an bhféilire imeachtaí?
Tá an Chomhairle Ealaíon ag cur i gcuimhne do gach eagraíocht agus gach duine a bhfuil maoiniú acu ón gComhairle sonraí maidir le himeachtaí poiblí a chur isteach lena gcur san áireamh i dtreoir nua ar líne.
Léigh tuilleadh
3. Fógraítear na gearrscannáin rathúla 'FRAMEWORKS'
Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon, ar Bhord Scannán na hÉireann, agus ar RTÉ na tionscadail nua rathúla FRAMEWORKS a fhógairt.
Léigh tuilleadh
4. Meabhrúchán: Spriocdháta i gcomhair Mhaoiniú Bliantúil 2010 - 5.30 i.n., Déardaoin, 17 Meán Fómhair 2009
Is é an spriocdháta chun iarratais ar Mhaoiniú Bliantúil a fháil ná Dé Déardaoin, 17 Meán Fómhair, 2009. Is d'eagraíochtaí atá ag lorg maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí a tharlóidh in 2010 é an spriocdháta seo.
Léigh tuilleadh
5. Meabhrúchán: Spriocdháta i gcomhair Dheontais do Chlair Bhliantúla 2010 - 5.30 i.n., Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair 2009
Is é an spriocdháta chun iarratais ar Dheontais do Chláir Bhliantúla a fháil ná Dé Déardaoin 22 Deireadh Fómhair 2009. Is d'eagraíochtaí atá ag lorg maoiniú ón gclár seo le haghaidh gníomhaíochtaí in 2010 é an spriocdháta seo.
Léigh tuilleadh
6. Scéim na bhFéilte Beaga 2010, an chéad spriocdháta 25 Meán Fómhair 2009
Meabhrúchán: Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2009, an chéad spriocdháta - 25 Meán Fómhair 2009.
Léigh tuilleadh
7. Meabhrúchán: Scéim Taifeadadh Ceoil agus Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt, spriocdháta 5 Deireadh Fómhair 2009
Tá an spriocdháta le haghaidh iarratas ar dhá scéim dámhachtainí fógartha ag Music Network: Scéim Taifeadta Ceoil na Comhairle Ealaíon agus Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt Music Network. Is é an spriocdhátá le haghaidh iarratais ar an dá scéim dhámhachtainí ná 5:30 i.n. Dé Luain 5 Deireadh Fómhair 2009.
Léigh tuilleadh
8. Deiseanna maoinithe d’ealaiontóirí faoi mhíchumas
Is é an spriocdháta le haghaidh na chéad bhabhta eile de na Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais ná 2 Samhain ar 4 i.n.
Léigh tuilleadh
9. Spriocdháta nua do na Dámhachtainí Sparánachta
Tá síneadh curtha leis an spriocdháta don chéad bhabhta eile de dhámhachtainí Sparánachta (5 Samhain 2009 a bhí ann ar dtús) agus is é an spriocdháta nua ná an 21 Eanáir 2010.
Léigh tuilleadh
10. Fógra don earnáil ealaíon maidir le pleanáil i gcomhair paindéim fliú mucúil
Molann an Chomhairle Ealaíon d'eagraíochtaí smaoineamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis an bhfliú mucúil H1N1 maidir lena gcuid oibríochtaí agus imeachtaí féin.
Léigh tuilleadh
11. Meabhrúchán d’eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon leas a baint as cáin ar thabhartais/bhronntanais
Tá eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon a cháilíonn mar 'charthanais incháilithe' nó 'comhlachtaí faofa' i dteideal faoiseamh cánach ar gach tabhartas/bronntanas os cionn €250.
Léigh tuilleadh
12. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Áirítear le deiseanna ó phobal na n-ealaíon i mí Lúnasa: glao um scripteanna ó Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe; cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar spásanna stiúideo ó Fire Station Artists' Studios; sonraí ar shuíomh gréasáin dar teideal fundingpoint.ie, acmhainn a chabhraíonn leis an earnáil dheonach agus pobail in Éirinn chun airgead a thiomsú agus sa deireadh eolas ar cheardlanna ar scríbhneoireacht chruthaitheach le haghaidh daoine óga ó Ealaín na Gaeltachta.
Léigh tuilleadh
13. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na scéalta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí Lúnasa tá: faisnéis faoin mBliain Eorpach um Bochtanas agus Eisiamh Sóisialta a Chomhrac; foirm iarratais in-íoslódáilte le haghaidh sraitheanna 1.1 agus 1.2.1 den Chlár Cultúrtha; gairm um nochtadh spéise i gcabhrú leis an nGníomhaireacht Forfheidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir; nuashonrú ar Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh; fógra ar an tríú heagrán den Atelier Eorpach le haghaidh Bainisteoirí Féile Óga agus ar deireadh, meabhrúchán faoi shuíomh gréasáin an EACEA.
Léigh tuilleadh
|
|