Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
 |
Beidh Susan Hallam linn an 7 Bealtaine chun an cheardlann seo a bhíonn luachmhar i gcónaí a sholáthar. Tá ábhar úrnua curtha le chéile ag Susan don lá ar fad agus d’iarr sí orainn a shoiléiriú nach mbeidh ábhar a phléigh sí roimhe seo á athúsáid aici. Go bunúsach, beidh ábhar níos casta á chur i láthair ar an lá agus cuirfidh sé sin leis an oiliúint a sholáthair sí i gcomhpháirt linn roimhe seo. Áireofar iad seo a leanas leis na topaicí a chlúdófar:
- na nithe atá nua ar Google
- na príomhthreochtaí margaíochta digití do 2015
- na forbairtí is déanaí sna meáin shóisialta
- conas bainistiú a dhéanamh ar fheachtais mhargaíochta ar fhón póca agus go leor, leor eile.
SONRAÍ AGUS CLÁRÚCHÁN:
- Cliceáil anseo: roimh 5pm Dé Céadaoin an 15 Aibreán chun spéis sa lá a chur in iúl.
- Tabhair faoi deara go mbeidh táille €99 ann in aghaidh an rannpháirtí. Níl ach 20 áit ar fáil ar an gcúrsa.
- Beidh an cúrsa ar siúl idir 9:30am agus 5pm an 7 Bealtaine in DanceHouse, Sráid Uí Fhoghlú,Baile Átha Cliath 2
- Más féidir linn áit a thairiscint duit, tabharfar fógra duit faoi sin Dé Luain an 20 Bealtaine. Eiseofar sonrasc duit ag an am sin agus áireofar áit ar an lá ach an sonrasc sin a íoc.
 |
|