San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2019
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30 pm, Déardaoin, 2 Bealtaine 2019
Spriocdháta Nua le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta Déardaoin, 13 Meitheamh 2019
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí
Bingo Wings
Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú
Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland
FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!
Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn le bheith ag Comhdháil Chumann Leabharlann na hÉireann, 2019
An Eoraip Chruthaitheach ag tacú leis an bhFéile Big Bang a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 5–7 Aibreán
Tionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach
Memory of Water (Ormston House)
PUSH+ (The Ark)
Make a Move (Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)
A Woman’s Work (Dánlann na Grianghrafadóireachta)
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir

Chuireamar tús le mí Aibreáin ag breathnú thar lear, agus ag tabhairt aitheantais don luach a bhaineann le cleachtas idirnáisiúnta d'ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon Éireannacha.

 

Fógraíodh an t-ealaíontóir Eva Rothschild agus an coimeádaí Mary Cremin mar ionadaithe na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise i mbliana, an taispeántas ealaíne is iomráití ar domhan, agus guímid gach rath orthu. Ag an am céanna, tháinig an Rannóg Speisialta ó Thaispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise na bliana seo caite, Close Encounter, ar ais chun dul ar camchuairt timpeall na hÉireann, agus tosóidh an chamchuairt sin an mhí seo ag Dánlann Glucksman i gCorcaigh. Léifidh tú faoinár nglao ar thograí tarraingteacha, uaillmhianacha agus spreagúla chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennale Ailtireachta na Veinéise an bhliain seo chugainn.

 

Oibríonn go leor ealaíontóirí agus eagraíochtaí i gcomhthéacs idirnáisiúnta – ag forbairt cleachtas ealaíne thar lear, ag tosú agus ag cruthú tionscadal le comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus ag cur saothar críochnaithe i láthair ar stáitse idirnáisiúnta. D’fhoilsíomar ár mbeartas idirnáisiúnta le déanaí mar chuid de chur i bhfeidhm ár straitéise, aithnímid sa bheartas seo go dteastaíonn cur chuige straitéiseach, fadtéarmach ó ealaíontóirí agus ó eagraíochtaí atá ag feidhmiú ar leibhéal idirnáisiúnta i leith comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus deiseanna a threisiú, ionas go mbeidh an t-am agus na hacmhainní acu chun a gcleachtas idirnáisiúnta a fhorbairt go straitéiseach.

 

Aithnítear ann freisin go bhfuil saothar idirnáisiúnta a chur i láthair lucht féachana in Éirinn ina chuid den chleachtas ealaíon idirnáisiúnta, ag cur tuilleadh deiseanna ar fáil do lucht féachana Éireannacha i gcomhair rannpháirtíocht ríthábhachtach leis na healaíona. Geallann an Chomhairle Ealaíon go dtabharfaimid tuilleadh acmhainní don réimse seo, agus táimid ag lorg iarratas don phost seo a leanas, Ceann Foirne na nEalaíon Idirnáisiúnta.

 

Le gach dea-mhéin,

 

Orlaith McBride
Stiúrthóir