San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Comhdháil Óige Ildánach 2021
Ceann Comhionannais, Éagsúlachta gus Ionchuimsithe (EDI)
Tuarascáil Benson
Foilsiú na Tuarascála faoin Éagsúlacht agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon 2020
An mian leat iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Fulbright um Chlár Éire Ildánach?
Réamhléiriú de ‘Entaglement’, taispeántas 2021 de Phailliún na hÉireann sa Veinéis
Breac síos an dáta! Clinic Eolais ar líne atá ag teacht aníos maidir le dámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2021
Seisiún faisnéise i ndáil le scríbhneoirí agus daoine aonair atá i mbun oibre sa litríocht: Dámhachtain Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
An Scéim um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach
Spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2021 - 15 Aibreán
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Ghairmeacha Oscailte 2022
Meabhrúchán faoi Scéimeanna Amharclannaíochta le Teacht
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair le haghaidh 2022
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Nuacht ón bPobal
Fógraíonn First Fortnight imeacht a chomhbhunaitheora agus a phríomhfheidhmeannaigh, David Keegan
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Seachtain Scoileanna Ildánacha
Clinicí faisnéise ar líne do scoileanna agus d’Ionaid Ógtheagmhála atá ag súil le hiarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2021
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta

Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh ó chleachtóirí gairmiúla maidir le forbairt agus cur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Ar an gcaoi sin, spreagtar saothar ar ardchaighdeán ealaíonta a fhorbairt agus na léirithe iomlána ceoldrámaíochta gairmiúla lena meallann an pobal chomh maith, rud lena gcruthaítear deiseanna d’ealaíontóirí i rith an prhóisis.

 

Spriocdháta: 5.30pm, 29 Aibreán 2021

 

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil a bhaineann leis an trí shraith den Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta:

  • Sraith 1: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Forbairt: suas le €20,000 ar a mhéad
  • Sraith 2: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Cur i Láthair Forbartha agus léiriú iomlán ar scála níos lú: suas le €110,000 ar a mhéad
  • Sraith 3: Léiriú na Ceoldrámaíochta: suas le €450,000 ar a mhéad

 

I ngach ceann de thrí shraith na dámhachtana, tabharfar tús áite d’iarratais a léiríonn na rudaí seo a leanas:

  • Fís shoiléir ealaíonta agus fianaise go bhfuil an tionscadal a bheartaítear ar ardchaighdeán ealaíonta nó gur dóigh go mbeidh sé ar ardchaighdeán ealaíonta; cuirfear cuntas teiste na bpríomhealaíontóirí san áireamh
  • Deiseanna forbartha suntasacha agus deiseanna gairmiúla do chleachtóirí ceoldrámaíochta gairmiúla
  • Béim láidir ar an rannpháirtíocht phoiblí (i gcás tionscnamh a bhfuil cur i láthair don phobal mar chuid díobh)
  • Iarratais atá ag teacht go soiléir le tosaíochtaí beartais agus straitéise na Comhairle i gcomhair na ceoldrámaíochta.

 

 

An Próiseas iarratais

Is féidir na sonraí iomlána maidir le próiseas an iarratais a fháil anseo

 

Treoirlínte

Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh:

  • A bheith ina gcónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann/a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann iad/nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin leis na healaíona i bPoblacht na hÉireann.

 

Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta don chothromas agus don chuimsiú agus fáiltíonn sí roimh iarratais ó dhaoine nó ó ghrúpaí ó phobail ina bhfuil cultúir éagsúla agus ó dhaoine faoi mhíchumas.

Cé nach bhfuil compántais cheoldrámaíochta atá ag fáil Maoiniú Straitéiseach i dteideal iarratas a dhéanamh, féadfaidh eagraíochta eile (ar nós ionaid léirithe) a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona iarratas a dhéanamh, ar an gcoinníoll go bhfuil aon ghníomhaíocht agus aon mhaoiniú gaolmhar a thaispeántar a bheith sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá bhfuair an eagraíocht sin Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona, agus ar leithligh uathu.

Cé nach bhfuil compántais cheoldrámaíochta a bhfuil Maoiniú Straitéiseach á fháil acu i dteideal iarratas a dhéanamh, is féidir ról dearfach a bheith ag acu ó am go chéile maidir le tacú le hiarratasóirí ar an Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta nó maidir le comhpháirtíocht a dhéanamh leo. I gcásanna den chineál sin, ní mór don iarratasóir agus don chompántas tacaíochta a dheimhniú go bhfuil an tacaíocht atá á tairiscint agus ról beartaithe na heagraíochta maoinithe sa bhreis ar na gníomhaíochtaí as a bhfaigheann sé Maoiniú Straitéiseach, agus deighilte uathu, agus nach gcuirfidh an léiritheoir ceoldrámaíochta maoinithe an saothar i láthair go poiblí nó ar bhealach eile mar léiriú nó comhléiriú nó mar chuid dá chlár.