Is iomaí rud a chuir díomá orainn le scaitheamh anuas. Ach ní hamhlaidh atá leis na healaíona. Is léiriú iad na healaíona ar chruthaitheacht, ar athléimneacht agus ar mhuinín eagraíochtaí ealaíon na hÉireann gur seoladh 374 iarratas le luach iomlán €38 milliún isteach faoin spriocdháta an 11 Deireadh Fómhair.
Líon na nIarratas | 2012 | Méid a iarradh |
Deontas d’Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta | 69 | €21mill |
Deontas do Mhaoiniú Bliantúil | 153 | €11mill |
Deontas le haghaidh clár bliantúil | 152 | €6mill |
Is eagraíochtaí atá ag féachaint ar thodhchaí éiginnte a dhéanann na hiarratais sin. Léirítear daoine a bhfuil buanna acu sna figiúirí seo, daoine atá ag ceistiú agus ag cur siamsaíochta ar fáil do stát atá idir dhá cheann na meá ag titim ar gcúl ach ag brú chun cinn arís. Ealaín; rud cruthaitheach, inbhreathnaitheach agus ceisteach, rud lárnach chun ár seasamh agus ár gcáil mar thír a fháil ar ais.
Is maoiniú athfhillteach a thugtar d’eagraíochtaí amháin iad na scéimeanna seo. Déanfaidh an Chomhairle cinntí tar éis don Choiste Deontais teacht le chéile ar feadh roinnt laethanta i mí na Nollag agus cuirfear na cinntí in iúl sa phost an chéad seachtain in Eanáir. Is gné shuntasach dár gcuid maoinithe atá inár gcaidrimh maoinithe athfhillteacha le heagraíochtaí ealaíon, ach fógraítear scéimeanna agus dámhachtainí eile nach bhfuil athfhillteach i rith na bliana agus tugtar sonraí maidir leo sa nuachtlitir seo.
Tá léargas grinn maidir leis na bealaí ina ndéanann na healaíona agus cruthú ealaíon den scoth an saol a athnuachan agus fuinneamh nua a chothú, i sraith taispeántas ó bhailiúchán buan na Comhairle Ealaíon dar teideal ‘Into the Light’ a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Sligeach agus i Luimneach i mí na Samhna. Is ceiliúradh atá ann ar shaothar ealaíontóirí comhaimseartha na hÉireann agus 60 bliain tacaíochta don earnáil ón gComhairle Ealaíon. Is fianaise ábhartha atá ann maidir leis an gcaoi a dtagann saothar ó thacaíocht phraiticiúil d’ealaíontóir aonair, agus is dúshlán athfhillteach atá ann do lucht féachana féachaint arís thar na tuairimí a bhí againn ag tosú amach dúinn.
In ‘Into the Light’, táthar ag féachaint arís ar thorthaí an tsaothair a rinneadh roimhe seo, don spás poiblí agus ag réiteach chun measúnú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na tograí spreagúla atá seolta isteach chun maoiniú a lorg don todhchaí, rud a thugann léargas dúinn ar obair na Comhairle Ealaíon. Is é an ról atá againn ná freastal ar na healaíona in Éirinn agus ar lucht éisteachta/lucht féachana atá ag fás agus ag éirí níos géarchúisí, ar fud na tíre.
Le dea-mhéin,
Orlaith McBride