Bailiúchán de chuid na Comhairle Ealaíon ar taispeáint i Músaem Hunt agus i nGailearaí na Glaidhbe
Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an tUasal Jimmy Deenihan TD, taispeántas a oscailt go foirmiúil i Músaem Hunt i Luimneach ar an 5 Iúil ina bhfuil 46 saothar ó bhailiúchán físealaíne na Comhairle Ealaíon. Collecting for Ireland is teideal don bhailiúchán. Is é Ruairí Ó Cuív atá ina choimeádaí ar an mbailiúchán, agus beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 4 Meán Fómhair 2011. Tá saothar ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon le feiceáil freisin an samhradh seo ag taispeántas i dTeach agus Gailearaí na Glaidhbe, Mín an Lábáin, Contae Dhún na nGall, dar teideal Burst the Heart Open - A Celebration of Irish Painting.
Léigh tuilleadh
Leagann na Comhairlí Ealaíon thuaidh agus theas béim ar an gcuspóir céanna atá acu araon maidir le tacú le healaíontóirí aonair
Athdhearbhaigh an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ag a gcomhchruinniú bliantúil iomlánach go bhfuil an tiomantas straitéiseach céanna acu araon maidir le tacú le healaíontóirí aonair. Rinne na Comhairlí athbhreithniú ar thorthaí na taighde a rinneadh ar Dhálaí Maireachtála agus Oibre Ealaíontóirí i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann.
Léigh tuilleadh
Deir an Chomhairle Ealaíon gur chóir tiomantas a thabhairt in Farmleigh 2 chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt bhreise na dtionscal cruthaitheach agus cultúrtha
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, go bhfuil poitéinseal ollmhór ann in Éirinn ó thaobh nuálaíochta agus cruthaíochta de agus gur cheart díriú go hiomlán ar na deiseanna sin ag Farmleigh 2. Bhí an Cathaoirleach ag labhairt ag cruinniú na Comhairle Ealaíon i Luimneach ar an 5 Iúil. Chuir an Chomhairle Ealaíon fáilte freisin roimh thuarascáil arna coimisiúnú ag Coimisiún Forbartha an Iarthair ina leagtar béim ar an bhféidearthacht chun an lucht saothair atá fostaithe san earnáil chruthaitheach a mhéadú faoi dhó sna 10 mbliana atá amach romhainn
Léigh tuilleadh
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoir Chomhaltacht Location One 2011
Cuireann an Chomhairle Ealaíon comhaltacht bhliantúil ar fáil d'ealaíontóir amháin chun cur ar a c(h)umas páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta ag Location One i Nua-Eabhrac. Is eagraíocht neamhspleách sheachbhrabúsach é Location One atá tiomanta do léiriú cruthaitheach agus malartú cultúrtha ar bhealaí nua a chothú trí na modhanna seo a leanas: taispeántais, cláir chónaitheachta, taibhléirithe, léachtaí poiblí agus ceardlanna. Is i gceantar Soho i Nua-Eabhrac atá Location One.
Léigh tuilleadh
Cuireann deontais chamchuairte €1.2 mhilliún na Comhairle Ealaíon ar chumas seónna cur chun bóthair
Féadfaidh daoine i mbreis agus 40 baile, sráidbhaile agus cathair ar fud na tíre ó Chrois na Rae i gContae Thiobraid Árann go dtí Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall a bheith ag súil le ceolchoirmeacha, drámaí, léirithe agus taispeántais den chéad scoth sna míonna amach romhainn faoi scéim camchuairte speisialta na Comhairle Ealaíon.
Léigh tuilleadh
Camchuairt agus Scaipeadh Saothair
Mar a fógraíodh roimhe seo, tabharfar isteach sraith Réamhphleanála nua den scéim maoinithe camchuairte níos déanaí i mbliana. Tá sé beartaithe go mbeidh cuspóir agus critéir na sraithe seo ag comhlánú na scéime atá ann cheana féin. Beidh an dáta iarratais don tsraith Réamhphleanála ann Deardaoin, 6ú mí Dheireadh Fómhair 2012 do chamchuairteanna a bheidh ar siúl ó Eanáir go Nollaig 2013. Déantar é sin chun cabhrú leis na camchuairteanna sin a bhfuil tiomantais a shíníonn ar feadh níos mó ná bliain amháin amach sa todhchaí ag teastáil uathu, agus a bhfuil tréimhse fhada pleanála ag teastáil uathu dá bharr.
Léigh tuilleadh
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do 19 ngrúpa faoi Scéim Ensembles na nÓg
Tá sonraí fógartha ag an gComhairle Ealaíon maidir leis na faighteoirí rathúla faoi Scéim Ensembles na nÓg don bhliain 2011. Bronnadh €164,500 san iomlán ar 19 ensemble na n-óg ar fud na tíre.
Léigh tuilleadh
Réamhfhógra maidir leis an spriocdháta i gcomhair na n-iarratas ar dheontas
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de chláir deontais na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta, Maoiniú Bliantúil agus Deontais le haghaidh Clár Bliantúil) ná an Déardaoin an 24 Samhain 2011 ag 5.30 i.n. Beidh ‘an fhuinneog' le haghaidh clárú do phróiseas iarratais ar líne na Comhairle ar oscailt ar an Luan 24 Deireadh Fómhair 2011. Cuirfear faisnéis bhreise ar fáil níos déanaí maidir leis an bpróiseas deontas atá le teacht.
Clinicí faisnéise faoin bpróiseas iarratais le haghaidh dámhachtainí Tionscadail
Beidh an Chomhairle Ealaíon ina hóstach ar shraith clinicí chun faisnéis agus comhairle a chur ar daoine faoin bpróiseas iarratais don dámhachtain Tionscadail. Cuirfear fáilte roimh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ó gach foirm ealaíne agus cleachtas ealaíne atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an dámhachtain.
Léigh tuilleadh
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: Déardaoin, an 1 Meán Fómhair 2011
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta do na chéad dámhachtainí Tionscadail eile. Tacaíonn na dámhachtainí le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith faoi gach foirm ealaíne/réimse cleachtais ealaíne. Is féidir na Treoirlínte Dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán ‘maoiniú atá ar fáil’ ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Léigh tuilleadh
Fógraíodh an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta i gcomhair na scéime Reel Art 2011
Fógraímid an spriocdháta do Reel Art 2011 atá deartha chun deis uathúil a chur ar fáil do lucht scannán chun cláir faisnéise chruthaitheacha, shamhlaíocha agus thurgnamhacha a dhéanamh ar théama ealaíne.
Léigh tuilleadh
Scéim na bhFéilte Beaga 2012, Spriocdháta: an 9 Meán Fómhair (Babhta 1)
Is é an phríomhaidhm atá ag Scéim na bhFéilte Beaga de chuid na Comhairle Ealaíon ná tacaíocht a thabhairt d'fhéilte ealaíon beaga agus d'ócáidí a bheidh ar siúl ar fud na tíre i rith na bliana seo chugainn, agus deiseanna a chur ar fáil dóibh. Faoin scéim, is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas go dtí uasmhéid €20,000. Dhá bhabhta a bheidh sa scéim, ar an gcaoi chéanna le blianta roimhe seo, agus beidh dhá spriocdháta dhifriúla ann, in oiriúint d'fhéilte a tharlóidh ag amanna difriúla i rith na bliana.
Léigh tuilleadh
Meabhrúchán: Dámhachtain Deis - an chéad spriocdháta eile - 5:30 i.n., Dé hAoine, an 9 Meán Fómhair 2011
Is é an chéad spriocdháta eile don Dámhachtain Deis ná an 9 Meán Fómhair 2011 le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh ag tosú idir an 21 Deireadh Fómhair 2011 agus an 31 Nollaig 2011.
Léigh tuilleadh
Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha: 2012: An Bhliain Eorpach don Aosú Gníomhach agus Dlúthpháirtíocht i measc na nGlún. Tá sé mar aidhm ag an mbliain deiseanna ar jabanna agus ar choinníollacha oibre níos fearr a chruthú don líon daoine breacaosta atá ag dul i méid san Eoraip. Tá nasc againn le ríomhfhoirmeacha an Chláir Chultúir do thionscadail chomhoibritheacha ar líne atá foilsithe anois ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Clos-Amhairc agus Cultúir. Tá faisnéis againn freisin maidir le ceardlanna teicniúla chun cabhrú le hiarratasóirí Éireannacha ar an gClár Cultúir. Lá faisnéise faoin gclár cultúir 2011 agus an Chomhdháil idirnáisiúnta maidir le Fiontraíocht Chruthaitheach. Glaonna ar shaineolaithe: Tá glao um nochtadh spéis á eisiúint ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir chun iarratais a fháil ionas gur féidir léi liosta saineolaithe a chur le chéile, agus ar deireadh tá meabhrúchán againn maidir le suíomh Gréasáin Phointe Teagmhála Cultúrtha na hÉireann.
Léigh tuilleadh
|
|