Osclóidh Taisteal agus Oiliúint do ghníomhaíochtaí a tharlóidh in 2020 i gcomhair iarratas ag 5.35 pm Dé hAoine, 29 Samhain 2019. Glactar le hiarratais ar bhonn leanúnach. Moltar d’iarratasóirí atá ag lorg tacaíochta le haghaidh na ndeiseanna incháilithe go léir a n-iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal, ach nach déanaí ná ceithre seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé i gceist acu dul ag taisteal. Cuirtear in iúl duit nach féidir leis an gComhairle Ealaíon measúnú a dhéanamh ar iarratais a fhaightear níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta a bhfuil sé i gceist dul ag taisteal.
Beidh maoiniú ar fáil d’iarratais Taistil agus Oiliúna 2020 sna foirmeacha ealaíne agus réimsí cleachtas ealaíne seo a leanas: Ailtireacht, na hAmharc-ealaíona, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldrámaíocht, Damhsa, Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO), na hEalaíona Sráide agus Seónna, na hEalaíona Traidisiúnta, Féilte, Ionaid Ealaíon, Litríocht, Rannpháirtíocht sna hEalaíona, Scannán, Sorcas agus an Eoraip Chruthaitheach (Fochlár Cultúir).
Tabhair faoi deara go ndúnfaidh Taisteal agus Oiliúint do ghníomhaíochtaí a tharlóidh sa chuid eile de 2019 d’fhoirmeacha ealaíne agus réimsí cleachtas ealaíne atá fágtha* ag 5.30 pm Dé hAoine, 29 Samhain 2019. (*Ailtireacht, na hAmharc-ealaíona, Ceoldrámaíocht, DÓLO (Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas), Féilte, Ionaid Tionóil, Litríocht agus Scannán.
Amharc ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil.