San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Tá Tábhacht le hÁiteanna | Ag cruthú rannpháirtíochta éagsúil sna healaíona
An Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry ag comhrá le Joseph O'Connor in Ollscoil Luimnigh
Buail leis na Comhlaigh Chruthaitheacha
An SCÉAL IS DÉANAÍ MAIDIR LE SCÉIMEANNA AMHARCLANNAÍOCHTA
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraítear na spriocdhátaí do na dámhachtainí scannáin Reel Art agus Authored Works 2019
Scéim Ensembles na nÓg 2019
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, 4 Aibreán 2019
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Spriocdhátaí 2019
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
Nuacht ón bPobal
Glaoch ar iarratais: Scéim Ceoltóra Chónaithe Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, 2019
What Next: Dive In, Discover Dance
Oifigeach Cláreagraithe – Lánaimseartha Buan
‘And the tide was way out’ Paul Hallahan agus Lee Welch : Gailearaí na Cathrach
Cuireann Widmann agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann saothair shuntasacha i láthair in Voices from the Edge
WomenXBorders
Writing for a Change: Comórtas Splancfhicsin
Dámhachtain Scríbhneora Óig Marian Keyes
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Seimineár saor in aisce: Communications and your EU culture project
Scéim Ensembles na nÓg 2019

Scéim Ensembles na nÓg 2019

 

Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go criticiúil le saothar uaillmhianach úrnua le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, ealaín sráide, seónna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, amharclannaíocht, litríocht, na hamharc-ealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.

Beidh dhá shnáithe sa dámhachtain seo in 2019. Is é €10,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é an maoiniú atá ar fáil faoi shnáithe 2 ó €10,000 ach ní féidir leis a bheith níos mó ná €25,000.

 

Snáithe 1

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi thionscadal nó thionscnamh nua a fhorbróidh cleachtas agus taithí na ndaoine óga a bheidh páirteach ann. D’fhéadfá cur isteach ar suas le €10,000. Féadfaidh ensembles nua agus seanbhunaithe cur isteach ar an scéim seo agus ní mór dóibh a n-acmhainn a léiriú le tionscadal ealaíonta ardchaighdeáin a fhorbairt agus a sholáthar

Snáithe 2

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi chlár oibre a fhorbraíonn ar obair an ensemble agus a chothaíonn nó a chuireann le gnéithe bainteacha de chuid chleachtas an ensemble ag an am céanna. Is le haghaidh tograí a chosnóidh níos mó ná €10,000 agus nach mó ná €25,000 an snáithe seo. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina ensembles seanbhunaithe a bhfuil cuntas teiste acu ar thionscadail nó ar chláir ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil.  Ní mór d’iarratasóirí ar an snáithe seo a chur in iúl cén fáth a dteastaíonn buiséad níos mó ná an buiséad atá ar fáil faoi Shnáithe 1.

Féadfaidh tú féachaint ar fhíseán ina roinneann buaiteoirí sna blianta roimhe seo leideanna maidir le hiarratas a dhéanamh ar an scéim.

 

Má tá spéis agat cur isteach ar an scéim seo, íoslódáil agus léigh na treoirlínte anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Sceim-Ensembles-na-n-Og/

 

 

Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis nua na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh