An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, 4 Aibreán 2019
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, 4 Aibreán 2019 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 5 Márta 2019 ar aghaidh.
Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis tacaíocht a thabhairt do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta, nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne agus do thionscadail atá bunaithe ar shaothar a fhoilsiú amhail ábhair teagaisc, bailiúcháin fonn agus saothar léirmheastóireachta atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:
- Aird ar chaighdeán ealaíonta
- Nuálaíocht
- Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’ensembles agus d’eagraíochtaí
Beidh na Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis ar fáil go luath ar an rannán maoiniú atá ar fáildár suíomh gréasáin.
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór go mbeadh an t-iarratasóir cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|