‘Ní dóigh suarach é an mearbhall’, is líne thar a bheith cáiliúil í seo ón dráma cumhachtach de chuid Friel, Translations. Tá sé thar a bheith oiriúnach mar mhachnamh ar an tréimhse aisteach agus chasta seo.
Tá go leor uaisleachta le fáil san obair atá fós á déanamh agat agus san obair a bheartaíonn tú tabhairt fúithi. Chonaiceamar roinnt de na ceoltóirí is fearr ar domhan ag taibhiú dúinn i gcúinsí thar a bheith aisteacha agus ciotacha i dtaibhithe a rinne Music from Galway agus Tradition Now le déanaí. Ba mhinic a bhí ar na ceoltóirí sin masc a chaitheamh agus achar fada a choinneáil eatarthu agus ní raibh lucht féachana ann chun iad a spreagadh agus iad ag seinm gan bualadh bos ar bith sa seomra. Bhí go leor uaisleachta agus daonnachta le brath ó na taibhithe sin.
Cuireadh deireadh le tascfhórsa téarnaimh an chultúir leis an Aire Catherine Martin an tseachtain seo caite. Ba é an rud ba shuntasaí faoin rannpháirtíocht go dtí seo ach chuspóir chomhroinnte agus spioraid an chomhoibrithe a roinntear inti. Foilseofar an tuarascáil sna laethanta beaga romhainn agus tá tuiscint shoiléir ar an ról tábhachtach atá ag tírdhreach na n-ealaíon agus na n-imeachtaí le fáil inti. Moltar bearta praiticiúla chun freastal ar na dúshláin sonracha atá roimh ghairmithe san earnáil inti.
Ba mhór an faoiseamh é an maoiniú méadaithe a fuaireamar faoin mbuiséad stairiúil agus cuideoidh an maoiniú sin linn tú a chothabháil sna míonna amach romhainn. Mar fhreagra ar roinnt cinntí sparánachta a rinneadh le déanaí, chuir na faighteoirí in iúl go mbeadh an sparánacht sin mar líne tharrthála ríthábhachtach dóibh. Táimid ag súil go mór leis a oiread de na tacaíochtaí sin a athraíonn an saol a chur ar fáil agus is féidir linn.
Cé go bhfuil neart de na spriocdhátaí thart faoin am seo, táthar fós in ann iarratas a dhéanamh le haghaidh maoiniú forbartha gairmiúla agus don scéim tacaíochta forbartha acmhainne. Tá ár bhfoireann lánsásta aon cheist atá agat faoi na scéimeanna sin a fhreagairt.
Tuigimid go maith go imní don phobal ag luí go trom ar d’intinn agat. Is minic a dhéantar tagairt don líne tarrthála a chuir tú ar fáil don phobal agus tá súil againn go mbeimid in ann bealaí nua chun tú a chumasú le tabhairt faoi do chuid oibre agus an pobal a shroicheadh sna míonna amach romhainn.
Táimid ag súil go mbeidh sibh féin agus bhur dteaghlaigh sábháilte agus slán i gcónaí.

Maureen Kennelly
An Stiúrthóir