Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona 2022
 |
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30pm, Déardaoin an 27 Bealtaine 2021
Beifear ag glacadh le hiarratais ó Dé Máirt an 13 Aibreán 2021.
Is é an cuspóir atá le Maoiniú Deontas do na hEalaíona a chinntiú go mbeidh fairsinge gníomhaíochtaí agus clár ealaíon ar ardchaighdeán ar fáil ar fud na tíre, trí thacaíocht solúbtha a chur ar fáil d’eagraíochtaí nó do dhaoine aonair ar feadh tréimhse ama seasta, agus trína dhéanamh sin, freagraíonn sé do riachtanais na ndaoine atá ag cruthú saothair, á chur i láthair agus/nó ag tacú le cruthú saothair.
Foilseofar treoirlínte ar an rannán maoiniú atá ar fáil dár suíomh gréasáin ag deireadh mhí an Mhárta 2021.
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.
Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: http://www.facebook.com/artscouncilireland
 |
|