Glaonn an Chomhairle Ealaíon agus Cultúr Éireann ar Léirithe Spéise le haghaidh Biennale Ailtireachta na Veinéise 2016.
 |
An bhfuil togra fíorspéisiúil agat le haghaidh thaispeántas na hÉireann ag an bpríomhócáid ailtireachta ar domhan? Más amhlaidh go bhfuil, tá an Chomhairle Ealaíon agus Cultúr Éireann ag lorg léirithe spéise anois ó ailtire, ó chleachtas ailtireachta, ó choimeádaí nó ó choimisinéir ar mian leo ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag an Biennale Ailtireachta in 2016 agus ar féidir leo an leibhéal cuí eolais agus scile a thaispeáint chun cur i láthair a bhainistiú agus a thabhairt ar ardán idirnáisiúnta thar a bheith tábhachtach. Tá Éire sa Veinéis faoi stiúir Chultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon tiomanta do rannpháirtíocht na hÉireann i Biennale Ailtireachta na Veinéise, agus é ina aidhm acu níos mó deiseanna a chur ar fáil d’ailtirí na hÉireann go hidirnáisiúnta agus a gcuid próifílí a chur chun tosaigh. Ní hamháin gur sárthaispeántas domhanda i gcomhair ailtireacht na hÉireann é Biennale Ailtireachta na Veinéise, ach tugann sé deis d’ailtirí na hÉireann fosta dul i mbun rannpháirtíochta le lucht féachana idirnáisiúnta, tionchar a imirt ar threochtaí ailtireachta amach anseo agus a gcuid cleachtas aonair a fhiosrú. Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoin meán lae, Dé hAoine, an 4 Meán Fómhair 2015. Amharc ar http://www.cultureireland.ie/resources i gcomhair tuilleadh faisnéise nó déan teagmháil le John Knightly, Cultúr Éireann, Seomra 315, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Guthán: 01 631 3917 Ríomhphost: info@cultureireland.gov.ie
 |
|