1. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon cinntí maoinithe 2010
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon a mórleithdháiltí deontais le haghaidh 2010.
Léigh tuilleadh
2. Dámhachtainí Tionscadal 2010
Eisíonn an Chomhairle Ealaíon faisnéis maidir le Dámhachtainí Tionscadail 2010, sruth maoinithe a chuirfear in ionad na nDámhachtainí Saothair Nua agus na nDámhachtainí Aonuaire.
Léigh tuilleadh
3. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Dámhachtain Coimisiún
Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Coimisiún a thairiscint i leith imeachtaí ceoil agus imeachtaí sna healaíona traidisiúnta ó 2010 ar aghaidh. Beidh foirmeacha iarratais agus nótaí treorach ar fáil i mí an Mhárta.
Léigh tuilleadh
4. Art-Youth-Culture FYI: cruinniú idir daoine óga agus lucht déanta beartas
Tá cuireadh á thabhairt ag Art-Youth-Culture:FYI do dhaoine óga idir 15 bliana agus 23 bliain d’aois plé a dhéanamh lena gcomhaoisithe agus le príomhdhéantóirí beartas faoi rannpháirtíocht daoine óga sa saol cultúrtha agus sna healaíona.
Léigh tuilleadh
5. Laureate na nÓg – glao ar ainmniúchán
Glao ar ainmniúcháin don chéad laureate le litríocht do leanaí in Éirinn.
Léigh tuilleadh
6. Scéim na bhFísealaíontóirí sna Príosúin - glao ar iarratais
Tá iarratais le haghaidh Scéim na bhFísealaíontóirí sna Príosúin á lorg ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Léigh tuilleadh
7. An nuacht is déanaí faoin Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua
Cuireann Lucht Féachana na nEalaíon tuairisc chun dáta ar fáil maidir leis an Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua agus cuirtear fáilte roimh Google Ireland go dtí an fhoireann meantóireachta.
Léigh tuilleadh
8. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
I measc na nuachta ó phobal na n‑ealaíon in Eanáir, iarrann Music Network ar grúpaí óga snagcheoil iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Young Musicwide 2010; tá fógra i leith foilseachán nua ar art@work, clár cónaithe i Ros Comáin; tá Riarthóir/Cúntóir Caidrimh Phoiblí agus Margaíochta á lorg ag Music Network; agus glao ar chumadóirí ó Arts across Borders (Ealaíona thar Teorainneacha).
Léigh tuilleadh
9. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na nuachta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí Feabhra, tá na scéalta aseo a leanas: faisnéis maidir le seoladh shuíomh Gréasáin an Phointe Teagmhála Cultúrtha in Éirinn atá ag teacht aníos go luath; fógraítear faighteoirí Shraith 1.1 agus Shraith 1.2.1; tá faisnéis againn maidir le Clár Soghluaiseachta Cultúrtha ENCC, tionscnamh a chuireann ar chumas oibrithe cultúrtha atá bunaithe go háitiúil obair a dhéanamh thar lear le hionad cultúrtha eile; glao le haghaidh saineolaithe ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir; agus meabhraímid duit an fhaisnéis is déanaí a fháil maidir le cláir mhaoinithe na hEorpa trí shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir.
Léigh tuilleadh
|
|