Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
 |
Bíonn mí na Samhna an-ghnóthach i gcónaí anseo sa Chomhairle Ealaíon mar tugann ár bhfoirne faoi mheasúnuithe ar na hiarratais a chuireann eagraíochtaí ealaíon isteach chuig na scéimeanna deontais is mó atá againn, is iad sin Maoiniú Straitéiseach agus Maoiniú Comhpháirtíochta.
Déanfaidh an Chomhairle machnamh agus plé cúramach ar gach ceann de na moltaí a dhéantar i gcomhthéacs ár mbuiséad iomlán agus ár straitéis infheistíochta le haghaidh 2020.
Beidh na chéad chúpla seachtain den bhliain atá amach romhainn lán le poitéinseal agus gealladh, mar titfidh roinnt spriocdhátaí d’iarratais mhaoinithe le linn na tréimhse – cuir i gcás an Scéim Nua Camchuairte agus Scaipthe Saothair, na Dámhachtainí Sparánachta agus Dámhachtain Chuntaois Constance de Markievicz. Mar is gnách, mholfainn go láidir daoibh súil a choinneáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon chun an nuacht is déanaí a fháil maidir le gach deis maoinithe.
Beidh ár gcomhdháil ‘Change Makers’ ar siúl go luath in 2020 chomh maith, ina ndíreofar ar chumhacht ollmhór na bhféilte. Beidh an t-imeacht seo á reáchtáil ag an gComhairle Ealaíon i gcomhar le hOllscoil Luimnigh agus a Máistreacht in Ealaíona Féile, agus beidh sé ar siúl in Ollscoil Luimnigh. Cuirfimid na mionsonraí ar fáil inár nuachtlitreacha agus ar ár suíomh gréasáin amach anseo, ach idir an dá linn, cuimhnigh ar an dáta: 14 Feabhra 2020!
Le gach dea-ghuí,
Orlaith McBride

An Stiúrthóir
 |
|