San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Bealtaine dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Cuirfear léacht an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, ‘The Lives of the Saints’, i láthair in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Tá Close Encounter: Meetings with Remarkable Buildings ar ais in Éirinn ó Biennale na Veinéise chun camchuairt a dhéanamh timpeall na tíre Tá an taispeántas ar cheann de na taispeántais is mó de thallann ailtireachta na hÉireann
Deontais agus Dámhachtainí
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin), Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2019-2020
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Spriocdhátaí atá ag teacht aníos
Nuacht ón bPobal
Stiúrthóir/Príomhfheidhmeannach Gníomhach Áras na Scríbhneoirí (50 seachtain ó mhí Iúil 2019)
DEIS FOSTAÍOCHTA: Music Generation – Ceann Foirne don Roinn Cáilíochta, Tacaíochta agus Forbartha
Fóram do Léiritheoirí Litríochta
TAKING TIME: An Appreciation of Irish Craft
FRESH STREET#3 | 22 – 24 Bealtaine
NEST 2019
Togra: Ar chóir dúinn eagla a bheith orainn roimh an algartam? Intleacht shaorga a iniúchadh
Club Leabhar na Bealtaine – Éilís Ní Dhuibhne i mbun Comhrá
Takin' the Mic Ócáid Dhátheangach ag ILFD le Marcus Mac Conghail agus Nicole Flattery
Cuir saothar isteach chuig Aonach Úrscéalta 2020
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 06 Meitheamh 2019 Roinn: Roinn an Cheoil Scoil: Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.

 

01 Meán Fómhair 2019 - 31 Lúnasa 2020

 

Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Mheán Fómhair 2019 go dtí Lúnasa 2020 an tréimhse atá i gceist.

 

Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 06 Meitheamh 2019. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Dr. Tríona Ní Shíocháin, An Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta, COC nó triona.nishiochain@ucc.ie  

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Tríona Ní Shíocháin má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.

 

Beidh na hagallaimh ar siúl i gCorcaigh go luath i Mí Iúil.