Spriocdháta fógartha le haghaidh Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair, Babhta 1, 2017
 |
Is é an 5 Bealtaine an spriocdháta don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna a bheidh ar siúl sa tréimhse ó Eanáir go Meitheamh 2017.
Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais trí na seirbhísí ar líne ón 5 Aibreán 2016.
Mar a tharla le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann é a dhéanamh níos éasca camchuairteanna a eagrú trasna na teorann. Fágann sé sin gur féidir dátaí i gceachtar dlínse a lua sna hiarratais ón Tuaisceart agus ón Deisceart agus má éiríonn leis an iarratas, tabharfaimid tacaíocht do gach céim den chamchuairt.
Spreagadh é seo do chompántais agus d’ionaid comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin ar fad. Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta. Mar sin de, tá súil againn go neartóidh comhoibriú an dá Chomhairle Ealaíon ina leith sin an ceangal idir ealaíontóirí sa dá dhlínse.
I gcomhair sonraí ginearálta ar an scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Déan Teagmháil linn ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
 |
|