An mhí seo, tá an tuarascáil ó ghrúpa neamhspleách an athbhreithnithe straitéisigh curtha i gcló againn, grúpa a raibh Terence O’Rourke ina chathaoirleach air. Cuireadh de chúram ar an ngrúpa scrúdú a dhéanamh ar conas a thugann an Chomhairle Ealaíon faoina sainchúram le linn aimsire ina bhfuil athrú suntasach ar siúl ionas gur féidir eolas a dhéanamh dá pleanáil straitéiseach le haghaidh fhorbairt na n-ealaíon in Éirinn sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Tuarascáil a bhfuil fáilte roimpi í seo; cuimsíonn sí moltaí spéisiúla dúshlánacha a chaithfimid ár gcuid ama ag breithniú sna míonna romhainn de réir mar a fhorbraímid ár gcéad straitéis eile. Ó mhí Mheán Fómhair, beidh mionscrúdú á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon ar impleachtaí na tuarascála agus ar conas a thabharfaidh sí tacaíocht agus eolas do bheartais agus do straitéisí amach anseo.
Mar Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon, d’fhóin mé ar ghrúpa stiúrtha an athbhreithnithe straitéisigh. Ceann amháin de na príomhghnéithe de phróiseas an athbhreithnithe straitéisigh ba ea an rannpháirtíocht a fuaireamar ó raon leathan páirtithe leasmhara.
Chuir an earnáil ealaíon a tiomantas in iúl go soiléir ag cruinnithe i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Sligeach, agus rinneadh toimhdí agus maímh a scrúdú agus a phlé ar bhealach a bhí dian agus deas, agus glórach in amanna freisin. Méadaíodh an méid a cuireadh leis na cruinnithe sin leis na scórtha aighneacht ardchaighdeáin a tugadh don ghrúpa stiúrtha tríd an suíomh Gréasáin. I measc na ndaoine a d’fhreastail ar chruinnithe ag oifigí na Comhairle Ealaíon bhí faisnéiseoirí tábhachtacha agus speisialtóirí beartais ó raon leathan gníomhaireachtaí poiblí, ranna rialtais, earnálacha pobail agus deonacha agus ón saol acadúil agus ba luachmhar a bhí na tuairimí nua a chuir na daoine sin in iúl. D’éisteamar leis na tuairimí sin go léir. Fuaireamar tuairimí ó dhaoine ar a raibh aithne againn roimhe agus ó dhaoine nua araon ach bhí tuairim luachmhar le cur in iúl ag gach duine acu.
An chúis spreagthaigh ba mhó ba ea na léargais a tháinig as an taighde cáilíochtúil a rinneadh le grúpaí de ghnáthbhaill den phobal ó chúlraí éagsúla socheacnamaíocha i limistéir éagsúla den tír. Sin iad na daoine a n-oibrímid ar a son chun tacú leis na healaíona in Éirinn agus chun iad a fhorbairt.
Luaigh roinnt daoine go raibh ‘bacainní’ ar an méid a bhaineann siad taitneamh as na healaíona agus ar an bpáirt a ghlacann siad iontu, mar shampla am, airgead, ábharthacht agus dúshláin eile. Arís is arís eile, áfach, mhínigh siad go raibh na healaíona ag teastáil uathu anois níos mó ná riamh ar na saolta deacra seo. Luaigh siad an dóigh ar tháinig ardú croí orthu de bharr cruthaitheachta sna riochtaí éagsúla ina bhfuil sí ar fáil agus go raibh sí ina cuid dá scéal pearsanta ‘téarnaimh’.
Is é an dúshlán don Chomhairle Ealaíon anois fíorcheannaireacht a thaispeáint agus tacú lena scéalta agus iad a léiriú.
Le dea-mhéin,
Orlaith McBride Stiúrthóir