1. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad bhabhta d’fhaighteoirí sparánachtaí 2010
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis a fhógairt go bhfuil cuid de na healaíontóirí, na ceoltóirí, na scannánóirí, na físealaíontóirí, na damhsóirí agus na taibheoirí is ardtallainne agus is tréithí in Éirinn tar éis deontais aonair suas le €15,000 a fháil.
Léigh tuilleadh
2. Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon cinntí maoinithe a fhógairt do Scéim Ensembles na nÓg 2010
Tá maoiniú tairgthe do 22 ensemble ar fiú €180,091 é. Bhí 49 iarratas incháilithe agus méid iomlán de €415,730 uathu.
Léigh tuilleadh
3. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon ciste camchuairteanna ar fiú milliún euro é
Is féidir le daoine ó cheann ceann na tíre a bheith ag súil le drámaí, ceolchoirmeacha, léirithe agus taispeántais den scoth a bhlaiseadh sna míonna le teacht faoi scéim speisialta camchuairteanna, a deir an Chomhairle Ealaíon.
Léigh tuilleadh
4. Dámhachtain do Thionscadal Téatair
Is comhdhlúthú de Thionscadail: Saothar Nua agus Aonuaire é an Dámhachtain do Thionscadal Téatair. Cuireadh an dámhachtain ar bun in 2010 chun tacú le tionscadail téatair thar trí shnáithe oibre - forbairt téatair, cur i láthair agus léiriúchán.
Léigh tuilleadh
5. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoir comhaltachta Location One 2010
Is ionad ealaíne neamhbhrabúsach i Nua Eabhrac é Location One agus é gráite do chomhchruinniú idir na físealaíona, na taibhealaíona agus na healaíona digiteacha.
Léigh tuilleadh
6. Fógraímid na faighteoirí is déanaí de Dhámhachtain Deis agus de Bhabhta Taifeadta Deis
Fógraímid na faighteoirí is déanaí de Dhámhachtain Deis agus de Bhabhta Taifeadta Deis, dámhachtain speisialta do thionscadail taifeadta.
Léigh tuilleadh
7. Foilsíonn Lucht Féachana na nEalaíon dhá phríomh-thuairisc ón scéim 'Build Your Audience'
D’fhoilsigh Lucht Féachana na nEalaíon dhá phríomh-thuairisc a bheidh ina n‑ábhar spéise d’eagraíochtaí ealaíon atá ag iarraidh bealaí níos fearr a aimsiú le teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana/éisteachta, agus le dul i ngleic leo.
Léigh tuilleadh
8. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon beartas nua maidir le Spásanna Oibre Físealaíontóirí
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon beartas nua maidir le Spásanna Oibre Físealaíontóirí - Visual Artists’ Workspaces in Ireland: A New Approach.
Léigh tuilleadh
9. Meabhrúchán: Spriocdháta an dara babhta de na Dámhachtainí Sparánachta - 5.30 i.n. Déardaoin, 15 Iúil 2010
Is é spriocdháta an dara babhta de na Dámhachtainí Sparánachta ná Déardaoin, an 15 Iúil, 2010 ag 5.30 i.n.
Léigh tuilleadh
10. Nuacht ó Phobal na nEalaíon
I measc na nuachta ó phobal na n-ealaíon i mí an Mheithimh, áirítear: dhá dhámhachtain mheantóireachta sna healaíona agus in ilchineálacht chultúrtha ó Create agus Common Ground; gairm ar iarratais ón Acadamh Ríoga Ibeirneach do Chónaitheacht Stiúideo Tony O’Malley agus cuireadh ó sheirbhís ealaíon Chomhairle Contae Shligigh iarratas a dhéanamh do Dhámhachtain Fred Conlon don Dealbhóireacht Chomhaimseartha agus ar deireadh, tá faisnéis againn maidir leis an tseirbhís Artist on Call a seoladh le déanaí ag an Waterford Healing Arts Trust.
Léigh tuilleadh
11. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear sa nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí an Mheithimh: tá físeanna agus cuir i láthair ar líne ó lá eolais an Chláir Cultúir sa Bhruiséil an mhí seo caite ar líne anois; torthaí ó Support for Literary Translations 2010 (snáithe 1.2.2) fógartha, agus ar deireadh tá faisnéis againn maidir leis an tríú comhdháil idirnáisiúnta de chuid an Fhóraim Taighde Rince a reáchtáladh ag Ionad Firkin Crane i gCorcaigh i mí an Mheithimh seo.
Léigh tuilleadh
|
|