1. Tairgeann an Chomhairle Ealaíon maoiniú dar luach €57m san iomlán do 303 eagraíocht
Tá na mórchinntí deontais fógartha ag an gComhairle
Ealaíon don tréimhse 15 mhí go dtí deireadh Márta 2012. Rinneadh maoiniú dar
luach c. €57m san iomlán a thairiscint do 303 eagraíocht.
Léigh tuilleadh
2. Cuireann Arts Audiences ábhar ar fáil i gcomhair oiliúna maidir le margaíocht dhigiteach na n-ealaíon
Tá bosca uirlisí seachtchodach i gcomhair na
hoiliúna margaíochta digití forbartha ag Arts Audiences le haghaidh earnáil na
n-ealaíon agus an chultúir.
Léigh tuilleadh
3. Glaoch ar iarratais: Céim chun Tosaigh: Tionscadal Rince - tionscnamh nua do chéimithe damhsa
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, Ollscoil Luimnigh agus Damhsa Éireann seoladh tionscnaimh nua a bhfuil sé d’aidhm aige nasc a chruthú idir oideachas damhsa agus cleachtas gairmiúil damhsa in Éirinn.
Léigh tuilleadh
4. Spriocdháta don Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta - 5.30 i.n., Déardaoin an 19 Bealtaine 2011
Tacaíonn an Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona
Traidisiúnta le táillí a íoctar le healaíontóirí le haghaidh coimisiún i réimse
na n-ealaíon traidisiúnta (.i. coimisiúin a bhaineann le ceol, le
hamhránaíocht, le rince traidisiúnta nó leis na healaíona béil).
Léigh tuilleadh
5. Spriocdháta na bliana 2011 don Scéim Chónaitheachta d'Ealaíontóirí atá ag Obair don Óige – 3 i.n., Déardaoin an 26 Bealtaine 2011
Faoin Scéim Chónaitheachta d'Ealaíontóirí atá ag Obair
don Óige, tairgtear deontais d’eagraíochtaí ealaíon don óige nó d’eagraíochtaí
atá ag obair don óige i gcomhthéacs ealaíon agus ar mian leo oibriú le
healaíontóir gairmiúil.
Léigh tuilleadh
6. Meabhrúchán: Spriocdháta don Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla - 5:30 i.n., Dé hAoine an 13 Bealtaine 2011
Is é an spriocdháta don Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla
ná 5.30 i.n., Dé hAoine an 13 Bealtaine 2011.
Léigh tuilleadh
7. Meabhrúchán: Spriocdháta do bhabhta 1 de shraith pleanála meántéarmaí na Scéime Camchuairte agus Scaipthe Saothair - 5:30 i.n., Déardaoin an 5 Bealtaine 2011
Is é an spriocdháta le haghaidh bhabhta 1 de shraith
pleanála meántéarmaí na Scéime Camchuairte agus Scaipthe Saothair ná 5:30pm,
Déardaoin 5 Bealtaine 2011.
Léigh tuilleadh
8. Meabhrúchán: Spriocdháta do scéimeanna téatair agus damhsa - 5:30 i.n., Déardaoin an 19 Bealtaine 2011
Meabhrúchán maidir leis an spriocdháta atá ag druidim
linn don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí
Téatair, don Scéim Mhaoinithe um Fhorbairt Téatair agus don Scéim Thacaíochta
um Chomhroinnt Acmhainní Téatair.
Léigh tuilleadh
9. Cinntí: Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2011, babhta 2
Fógraítear na cinntí le haghaidh bhabhta a dó de Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga.
Léigh tuilleadh
10. Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le cúigear comhalta nua de chuid Aosdána
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis comhghairdeas a
sheoladh chuig an gcúigear ealaíontóirí a toghadh inniu mar chomhaltaí de chuid
Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn.
Léigh tuilleadh
11. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Áirítear leis an nuacht ó phobal na n-ealaíon i mí Aibreáin gairm tograí ó eagraithe Chathair Eolaíochta na hEorpa 2012 chucu siúd in earnáil na n-ealaíon ar mhaith leo an caidreamh idir na healaíona agus na heolaíochtaí a scrúdú; fógraíonn The Waterford Healing Trust Artist Ealaíontóir Cónaithe na bliana 2011; foilsímid faisnéis ar an bpróiseas iarratais do cheoltóirí ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gclár ceoil uathúil do pháistí; agus foilsímid an spriocdháta maidir le comórtas lámhscríbhinne filíochta an Cork Literary Review.
Léigh tuilleadh
12. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
i mí Aibreáin: eolas maidir leis an lá um fhaisnéis chultúir sa Bhruiséil atá
oscailte anois le haghaidh cláraithe; glao ar chomhpháirtithe Éireannacha
maidir le hiarratas ar thionscadal Clár Cultúir; tá an Tionscadal
Ireland:Iceland ag lorg rannpháirtithe dá dtionscamh Census of the Heart;
tá socheolaithe á lorg ag Stáit Aontaithe na hEorpa le páirt a ghlacadh i
staidéar ar chumarsáid idir ealaíontóirí agus a lucht éisteachta/féachana; agus
glao ar rannpháirtithe as gach áit san AE le haghaidh deiseanna comhléirithe le
comhpháirtithe na Tuirce.
Léigh tuilleadh
|
|