Scoileanna Ildánacha ar an Teilifís – Spotlight
 |
Tá Scoileanna Ildánacha ar an Teilifís ar ais arís le sraith úrnua Spotlight ina roinneann ár gComhlaigh Chruthaitheacha léargas ón taobh istigh linn d’eagraíochtaí a oibríonn i gcomhar le Scoileanna Ildánacha. Sa tsraith, rachaimid ar chúl stáitse na n-eagraíochtaí seo a leanas: Ceol Connected, Barnstorm Theatre Company, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Bare Cheek Theatre Company agus Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann.
Snáithe nua ar líne é Spotlight de thionscnamh na Scoileanna Ildánacha a forbraíodh chun go mbeidh ár bhfoghlaimeoirí óga in ann a bheith ag plé le heagraíochtaí ealaíne agus cultúrtha ar bhealach spraíúil siamsúil. Is é atá sa chlár ná sraith de chraoltaí réamhthaifeadta a roinntear go seachtainiúil ar ardáin na Comhairle Ealaíon ar líne.
Tá na heipeasóidí ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Scoileanna Ildánacha
Tá 163 scoil ar fud na hÉireann roghnaithe ag Scoileanna Ildánacha le bheith páirteach sa chéad chlár eile de Scoileanna Ildánacha in 2020-21.
 |
|