San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Treoirlínte Rannpháirtíochta Pobail do na Meáin Shóisialta de chuid na Comhairle Ealaíon
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2021
Reáchtálfaidh foireann na bhFéilte dhá chlinic fhíorúla don Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne i mí Dheireadh Fómhair 2020.
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE IN UCC - Gairm ar iarratais
Comhairleoirí taighde ceaptha don Oíche Chultúir
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
Iarratais á lorg ó phíobairí agus ó chruitirí do Bhonn Óir Seán Ó Riada
Open House Dublin - The Extraordinary Ordinary Ar líne + Ar an Láthair, 8–11 Deireadh Fómhair 2020
Coimisiún Ceoil Chomhairle Contae Ros Comáin 2020/2021
Open House Dublin - The Extraordinary Ordinary Ar líne + Ar an Láthair, 8–11 Deireadh Fómhair 2020

Sa bhliain as an ngnáth seo, déanfaidh Open House Dublin ceiliúradh ar athléimneacht, acmhainneacht agus tallann eisceachtúil san ailtireacht agus sa dearadh uirbeach atá le fáil inár gcathair agus inár náisiún. Cé go mbreathnaíonn ár gclár difriúil mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair, d’oibríomar go crua chun meascán iontach d’imeachtaí beo, ar líne, turais fhíorúla, roinnt turais theoranta ar an láthair agus ceardlanna spraíúla a chur le chéile chun croí na féile inspioráidí seo a chur in iúl. Bí linn don chéad léiriú dár sraith gearrscannán ‘Site Spec’, agus tiúnáil isteach le haghaidh díospóireacht shruthaithe beo maidir le ‘Dublin’s Fair City’. Tá ár gclár Open House Junior ar ais freisin, le ceardlanna dár lucht féachana níos óige!

Beifear in ann áit a chur in áirithint do cheardlanna agus do thurais ar an láthair ó Déardaoin, 24 Meán Fómhair, agus is féidir an t-eolas ar fad a fháil ar www.openhousedublin.com.