English Version


Cartlann
Cliceáil anseo chun breathnú ar ár gcartlann


Liostáil
Liostáil


nuachtlitir
11 Aibreán 2013
Nuachtlitir cothrom le dáta
Tá áthas orainn spriocdhátaí atá ag druidim linn a fhógairt maidir le trí scéim maoinithe i réimse an Téatair agus scéim amháin i réimse an Damhsa.

Spriocdháta: An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa - 5.30 i.n., Déardaoin an 2 Bealtaine 2013

Is é cuspóir na scéime seo ná cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí cónaithe damhsa ar fud na tíre agus tacú leo. Déanfaidh an t-ealaíontóir damhsa ábhar sonrach an chláir oibre a dhearadh i gcomhar leis an ionad agus leis an údarás áitiúil.

Is iad seo a leanas aidhmeanna na scéime:

  • cleachtas an damhsa ghairmiúil agus an damhsa sa phobal a dhaingniú i gcomhthéacsanna réigiúnacha éagsúla;
  • deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí damhsa ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtas féin;
  • deiseanna a sholáthar d’údaráis áitiúla agus d’ionaid chun cleachtas damhsa a fhorbairt ina gcuid ceantar féin;
  • forbairt a spreagadh i leith na pleanála fadtéarmaí agus na hinbhuanaitheachta maidir le gníomhaíochtaí neamhspleácha damhsa.
        
        

Féadfaidh ealaíontóirí damhsa gairmiúla, ionaid nó údaráis áitiúla cur isteach ar an scéim seo. Ní mór d’iarratasóirí tacaíocht thiomanta a léiriú ó údarás áitiúil amháin agus ionad amháin ar a laghad, ó mheitheal d’ionaid agus d’údaráis áitiúla.

Tá sonraí maidir leis na scéimeanna, chomh maith leis na critéir agus na treoirlínte, ar fáil anseo.

Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá a thógáil sula ndéanfar clárúcháin a dhearbhú, agus dá bhrí sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

 

Spriocdháta maidir leis na scéimeanna téatair - 5:30 i.n., Déardaoin an 2 Bealtaine 2013


An Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Téatair
– leis an scéim seo, tabharfar tacaíocht d’ionaid maidir le healaíontóir cónaithe téatair a fhostú i gcomhpháirtíocht le hoifigí ealaíon na n-údarás áitiúil.


An Scéim Thacaíochta um Chomhroinnt Acmhainní Téatair – leis an scéim seo, déanfar éascú ar chomhroinnt acmhainní idir eagraíochtaí atá maoinithe agus compántais agus daoine aonair nach bhfuil maoinithe


An Scéim um Fhorbairt Ealaíontóirí Téatair – leis an scéim seo, tabharfar an deis d’eagraíochtaí ealaíon cláir forbartha agus mheantóireachta a thairiscint do ghrúpaí ealaíontóirí téatair.


Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá a thógáil sula ndéanfar clárúcháin a dhearbhú, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.


<< Clúdach
Email Software by Newsweaver