San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: An scéal is déanaí
Caint Phoiblí le Kate Goodwin mar chuid de ‘An Ailtireacht a Leathnú’: oiliúint i gcleachtais maidir le rannpháirtíocht an phobail leis an ailtireacht.
D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach comhaontú nua 10 mbliana.
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon na spriocdhátaí le haghaidh scéimeanna sa Damhsa agus sa Téatar
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin an 7 Aibreán 2016.
Spriocdháta fógartha le haghaidh Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair, Babhta 1, 2017
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon: Spriocdhátaí 2016
Nuacht ón bPobal
Glaoch ar iarratais: artsandhealth.ie Sparánacht Doiciméadúcháin
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Glaoch ar iarratais: artsandhealth.ie Sparánacht Doiciméadúcháin

An bhfuil tú rannpháirteach i dtionscadal ealaíon agus sláinte? Ar mhaith leat do shaothar a thaispeáint do lucht féachana níos mó? Cuireann artsandhealth.ie fáilte roimh iarratais ar sparánacht €4000 chun gearrscannán, closchlár faisnéise nó foilseachán a dhéanamh maidir le tionscadal ealaíon agus sláinte.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí atá ag obair i socruithe cúram sláinte, ó ghairmithe cúram sláinte, ó eagraíochtaí/comhpháirtíochtaí ealaíon agus sláinte agus ó dhaoine eile atá ag obair i réimse na n-ealaíon agus na sláinte.

Cuireadh scannáin na mbuaiteoirí sparánachta roimhe seo ar an ngearrliosta le haghaidh Dámhachtainí Scannán um Chearta an Duine de chuid an ICCI, a cuireadh ar an scáileán i gcomórtas ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus a craoladh ar RTÉ.

Beidh cruinniú faisnéise dóibh siúd a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh ar siúl ar an Déardaoin, an 10 Márta i mBaile Átha Cliath.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an fhoirm iarratais a íoslódáil féach: http://www.artsandhealth.ie/2016/02/22/call-for-applications-artsandhealth-ie-2016-documentation-bursary/

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé hAoine, 6 Bealtaine 2016.

Tá artsandhealth.ie, an suíomh gréasáin náisiúnta le haghaidh na n-ealaíon agus sláinte in Éirinn, á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus Clár Chorcaí um na hEalaíona agus Sláinte.

www.artsandhealth.ie

Email Newsletter Software by Newsweaver