MAIDIR LEIS AN RÓL
TEIDEAL AN PHOIST: Leas-Stiúrthóir
AG TUAIRISCIÚ DO: POF/Stiúrthóir
CONRADH: Lánaimseartha, buan ar feadh bliana, faoi réir athnuachana, le tréimhse phromhaidh sé mhí.
TUARASTAL: €40,000 in aghaidh na bliana
LÁTHAIR: Baile Átha Cliath (de ghnáth) Ar Líne le linn srianta Covid-19.
Tabhair ar aird le do thoil go gcaithfidh sealbhóir an phoist a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath chun dualgais an phoist seo a chomhlíonadh.
CUSPÓIR AN RÓIL:
Sa ról bainistíochta nua ardleibhéil seo, ag tuairisciú don POF/Stiúrthóir, beidh sealbhóir an phoist freagrach as bainistiú foriomlán oibríochtaí an Árais chomh maith lena acmhainní agus airgeadas, a áitreabh, agus as an bhfoireann i gCearnóg Parnell. Tacóidh an Leas-Stiúrthóir leis an bPOF/Stiúrthóir chun an IWC a reáchtáil ó lá go lá, ag déanamh maoirseachta ar an bhfoireann, ar phleanáil forbartha gnó, agus ar mhaoirseacht oibríochtúil na heagraíochta.
Feidhmeoidh an Leas-Stiúrthóir mar bhainisteoir líne ar fhoireann bheag thiomanta atá dírithe ar phlean straitéiseach 2022-2026 a sheachadadh. Beidh ról an Leas-Stiúrthóra ríthábhachtach chun tacú leis an Stiúrthóir ag an leibhéal sinsearach de réir mar a aistríonn an IWC chuig an tréimhse nua pleanála straitéisí seo arna mhúnlú ag timpeallacht oibriúcháin atá athraithe go mór. Toisc gur ról nua-chruthaithe é seo, tabharfar spreagadh don Leas-Stiúrthóir cur le forbairt leanúnach an IWC, an chreata straitéisigh nua agus comhordóidh agus rannchuideoidh sé le gach cruinniú pleanála lán-foirne i rith na bliana.
Beidh ar an té a cheapfar foinsí maoinithe reatha a chothú i gcomhair na ngnáthchlármar aon le cabhrú leis an POF/Stiúrthóir deiseanna nua a aimsiú laistigh den chreat atá ann cheana le haghaidh maoiniú agus clár nua. Cothóidh an Leas-Stiúrthóir caidrimh le príomhchistiú/páirtithe leasmhara i bpobal na litríochta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon, go háirithe an dá Chomhairle Ealaíon in Éirinn, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Forasna Gaeilge agus dreamanna eile.
CÉN CINEÁL DUINE ATÁ Á LORG AGAINN:
Beidh grinneas eagrúcháin agus scileanna riaracháin den scoth ag an té a cheapfar agus más féidir beidh taithí aige ar obair i suíomhanna ealaíne agus pobail, d'eagraíochtaí, ionaid nó féilte ealaíon. Beidh scileanna cumarsáide, scríbhneoireachta agus TF den scoth aige nó aici, chomh maith le sár-chumas i mBéarla. Beidh taithí cúig bliana ar a laghad aige nó aici ar obair in earnáil na n-ealaíon nó san earnáil chultúrtha agus oidhreachta níos leithne. Beidh taithí aige nó aici ar fhoireann a threorú, a bhainistiú, a spreagadh agus tacú léi.Beidh taithí aige nó aici ar thimthriallta iomlána tionscadail agus maoinithe, lena n-áirítear scríobh deontas, bainistíocht buiséid agus bainistíocht tionscadal. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh eolas agus tuiscint aige nó aici ar an mbonneagar ealaíon ina bhfeidhmíonn an IWC. Tá sé inmhianaithe go mbeadh eolas follasach aige nó aici ar rialachas, comhlíonadh agus sláinte agus sábháilteacht do bhainistíocht neamhbhrabúis agus/nó ionaid.
IARRATAS A DHÉANAMH:
Ní mór d’iarratasóirí an fógra poist iomlán a léamh roimh iarratas a dhéanamh: is féidir sonraí iomlána a fháil anseo: https://irishwriterscentre.ie/blogs/news/we-are-looking-for-a-deputy-director-of-the-irish-writers-centre
Ba chóir iarratais, trí ríomhphost amháin, a chur faoi bhráid Valerie Bistany POF/Stiúrthóir ag director@writerscentre.ie agus Iarratas ar Phost an Leas-Stiúrthóra i líne an ábhair. Tá sé riachtanach go ndéantar an dá cháipéis thuasluaite a thiomsú in aon cheangaltán word nó pdf amháin le go mbeidh siad incháilithe.
Dé Luain an 1 Feabhra 2021 ag 5pm an spriocdháta le haghaidh iarratas. (Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.)
Tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann cláraithe leis an Údarás Rialála Carthanas i bPoblacht na hÉireann. Is é ár n-uimhir Chlárúcháin Carthanas ná CHY 19738. Is é ár seoladh cláraithe: Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1, D01 E102.