1. Tá ról an-suntasach ag na healaíona sa gheilleagar agus um poist a spreagadh -tuarascáil
Tá ról an-suntasach ag na healaíona i gcomhthéacs gheilleagar na hÉireann agus is féidir leo a bheith mar ghníomhaí a spreagann poist agus infheistíocht, a léiríonn sonraí nua.
Léigh tuilleadh
2. Spreagann na healaíona poist i ngeilleagar eolasbhunaithe a deir Moylan
Bhuail Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tUasal Pat Moylan, le Tascfhórsa um Nuálaíocht an Rialtais inniu agus mhaígh sí gur chóir leas a bhaint as féidearthacht fostaíochta na n-ealaíon mar bhealach amach as an gcúlú eacnamaíochta.
Léigh tuilleadh
3. Scéim Meantóireachta um na Meáin Nua: tionscnamh de chuid Lucht Féachana na nEalaíon
Tá áthas ar Lucht Féachana na nEalaíon sonraí na scéime meantóireachta um na Meáin Nua a fhógairt.
Léigh tuilleadh
4. Déanann an Chomhairle Ealaíon tástálacha le fócasghrúpaí ar fhréamhshamhail an tsuímh ghréasáin um sheirbhísí ar líne
Tá sé i gceist ag an gComhairle Ealaíon suíomh gréasáin um sheirbhísí ar líne a lainseáil in 2010 a thabharfaidh rochtain leanúnach duit ar sheirbhísí áirithe na Comhairle Ealaíon seacht lá in aghaidh na seachtaine.
Léigh tuilleadh
5. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Ar na deiseanna ó phobal na n-ealaíon i mi na Samhna tá: glao chun iarratas a chur isteach ar phost mar Stiúrthóir Tionscadail Scéim U2/Cistí na hÉireann; tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag lorg painéal Ealaíontóirí i gcomhair 2010; cuireadh chun tairisceana i gcomhair coimisiún ealaíne poiblí i lár Chathair Ard Mhacha; comórtas ealaíne poiblí ó Artlink i gcomhpháirt le Coiste na mBailte Slachtmhara i mBun Cranncha; cuireadh chun beartas físealaíon a chur isteach le haghaidh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin agus faisnéis faoin mbealach chun cur isteach ar chomórtas RTÉ lyric fm Choirs for Christmas (Cóir i gcomhair na Nollag).
Léigh tuilleadh
6. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Áirítear leis an nuacht ón bPointe Teagmhála Cultúrtha i mí na Samhna: cuireadh chun tairisceana i gcomhair dhá staidéar ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir, is éard atá sa chéad cheann staidéar féidearthachta maidir le gníomhartha chun tacú le soghluaisteacht aistritheoirí liteartha agus baineann an dara ceann le cumas na soghluaisteachta a uasmhéadú i dtaca le féiniúlacht Eorpach a neartú agus rannpháirtíocht shibhialta san AE a chur chun cinn; tá nuashonrú sa nuachtlitir ar imeacht faisnéise a bheidh á reáchtáil in Linz na hOstaire; sa deireadh meabhraímid duit bheith ar an eolas faoi Chláir maoinithe an AE trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir.
Léigh tuilleadh
|
|