Mí dhúshlánach don Chomhairle Ealaíon ab ea mí Eanáir, agus cruinnithe ar siúl chun na leithdháiltí móra deontais ar eagraíochtaí le haghaidh 2010 a mheas. Rinneadh na cinntí i gcomhthéacs buiséid níos lú agus é á mheabhrú againn gur cosúil go mbeidh cúrsaí maoinithe poiblí éiginnte ar feadh roinnt blianta.
In 2009, ghníomhaigh an Chomhairle Ealaíon go tapa chun roinnt laghduithe ar a maoiniú féin a láimhseáil, agus d’éirigh léi €77m a infheistiú sna healaíona, suim mó ná an €73.35 milliún a fuarthas ón Státchiste. Trí choigiltis agus trí chistí 2010 a gheallúint roimhe ré, chabhraigh an Chomhairle le heagraíochtaí a bhfuil easpa airgid acu a chosaint ó athrú tobann chun soláthar ealaíon a choimeád ar fud na tíre.
I mbliana, áfach, tá tuairim €68 milliún le hinfheistiú ag an gComhairle Ealaíon, €9 milliún níos lú ná an méid a bhí aici in 2009, agus dá bharr sin bhí sé níos deacra don Chomhairle a cinntí a dhéanamh. Bhí na cinntí sin bunaithe ar chur chuige measta bunaithe ar bheartas, chun an toradh ealaíon is fearr a fháil don phobal. Gheobhaidh eagraíochtaí litreacha a thabharfaidh sonraí ar na cinntí sna laethanta romhainn.
I mí Eanáir freisin, reáchtáil an Chomhairle Ealaíon ceardlann d’fhaighteoirí Scéim Ensembles na nÓg 2009. Ghlac ionadaithe óga (idir 12-23 bliana d’aois) ó ensembles ar bronnadh maoiniú orthu trí Scéim Ensembles na nÓg de chuid na Comhairle Ealaíon in 2009 páirt i dtaispeántas dá gcuid tionscadal. Léirigh an t-imeacht go bhfuil spéis ag cuid de shaoránaigh óga na hÉireann i raon foirmeacha ealaíne agus go bhfuil siad tiomanta dóibh. Áirímid tuilleadh eolais ar an imeacht agus ar fhaighteoirí na scéime i nuachtlitir na míosa seo.
D’eisigh an Chomhairle dhá thuarascáil taighde le déanaí: A Review of Visual Artists’ Workspaces agus Public engagement with Architecture in the Republic of Ireland. Tá an dá thuarascáil ar fáil le híoslódáil in eagrán na míosa seo.
Fógraímid na spriocdhátaí atá ag teannadh linn do Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2010. I mbliana cuirfidh an scéim líne bhreise maoinithe ar fáil a bheidh dírithe orthu siúd a dteastaíonn uathu oibriú le meantóir le linn na céime taighde agus forbartha. Freisin tugaimid fógra maidir leis an spriocdháta atá ag teannadh linn do Bhabhta Taifeadta Deis agus meabhraímid duit spriocdháta an dara babhta de Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga 2010.
Áiríonn nuachtlitir na míosa seo freisin glao ó Lucht Féachana na nEalaíon ar ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a dteastaíonn uathu fógraíocht a dhéanamh ar a gcuid suíomhanna Gréasáin trí thionscnamh Lucht Féachana na nEalaíon.
I gcomhpháirt le Music Network, fógraímid faighteoirí dámhachtainí faoin Scéim Chaipitiúil Ceoil, tionscnamh atá deartha chun tacaíocht a chur ar fáil le huirlisí ceoil a cheannach. Áiríonn an nuachtlitir freisin liosta faighteoirí le haghaidh babhta a haon de Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga i gcomhair 2010.
Is iad na hailt dheireanacha sa nuachtlitir ná na scéalta rialta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha agus nuacht ó phobal na n-ealaíon.
Mary Cloake
Stiúrthóir