The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
An Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry le bheith ag an bhFéile Mountains to Sea
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Authored Works agus Reel Art
Tionól Ginearálta Aosdána
Deiseanna d’ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus oideachasóirí le Scoileanna Ildánacha
Tá Seirbhísí Beartas Ealaín Poiblí agus Seirbhísí Tacaíochta á lorg ag an gComhairle Ealaíon
Tá Seirbhísí Eagarthóireachta Ar Líne agus Bainistíochta Tionscadal á lorg ag an gComhairle Ealaíon i gcomhair Public art.ie
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1
An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, 4 Aibreán 2019
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2019
Scéim Ealaíontóir sa Phobal na Comhairle Ealaíon - Spriocdhátaí 2019
John Broderick – bronntanas scríbhneora do Bhaile Átha Luain
Scoileanna Ildánacha – scoileanna as gach cearn den tír in ann iarratas a dhéanamh anois.
Nuacht ón bPobal
Music Network ag fostú! Riarthóir Clár
Cuireann tionscadal Thraid Éireann tús le taighde ar na dúshláin agus na deiseanna do chleachtóirí ealaíon traidisiúnta
€270,250 FÓGARTHA LE HAGHAIDH SCÉIM CHAIPITIL CEOIL, 2019
Princesses can be Pirates / Taibhiú damhsa do scoileanna agus don teaghlach le haghaidh lucht féachana 4+
Promoting Autonomy: Arts + Health Check Up Check In 2019 - clár imeachtaí fógartha
Mindshift: The Business of Writing, Béal Feirste
Sparánacht Ghaeilge 2019 ó Ionad Anam Cara / Áras Scríbhneoirí na hÉireann
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!
An bhfuil tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar an Eoraip Chruthaitheach in 2019?An bhfuil tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar an Eoraip Chruthaitheach in 2019?
Spriocdhátaí ag teacht aníos
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé Luain 25 Feabhra.

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
An Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry le bheith ag an bhFéile Mountains to Sea

Tá an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry le bheith ag an bhFéile Mountains to Sea an 29 Márta.



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon faighteoirí rathúla dhámhachtainí Authored Works agus Reel Art

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon faighteoirí rathúla Dhámhachtainí Authored Works agus Reel Art in 2018 a fhógairt. Is é Donal Foreman an chéad ealaíontóir scannán le roghnú don dámhachtain nua Authored Works, agus is iad Vivienne Dick agus Ciara Nic Chormaic na faighteoirí is deireanaí de na dámhachtainí Reel Art.



Léigh a thuilleadh >>




Tionól Ginearálta Aosdána

Tionólfaidh Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, a Thionól Ginearálta Dé hAoine, 5 Aibreán 2019 in Aula Maxima Choláiste na hOllscoile Corcaigh



Léigh a thuilleadh >>




Deiseanna d’ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus oideachasóirí le Scoileanna Ildánacha

Tá sé mar aidhm ag Scoileanna Ildánacha na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga.  Tacóidh sé le scoileanna a bplean féin dá Scoil Ildánach a fhorbairt agus tosú á chur i bhfeidhm. Rachaidh na scoileanna rannpháirteacha i mbun comhoibre le Comhlach Cruthaitheach chun a rannpháirtíocht sna healaíona a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh. 



Léigh a thuilleadh >>




Tá Seirbhísí Beartas Ealaín Poiblí agus Seirbhísí Tacaíochta á lorg ag an gComhairle Ealaíon

Tá tairiscintí á lorg do na seirbhísí thuasluaite chun comhairle ar straitéis, beartas agus forbairt a chur ar fáil i gcomhair Ealaín Phoiblí le tacaíocht ón earnáil. Is conradh trí bliana é seo agus d’fhéadfaí é a shíneadh ansin ar feadh bliain amháin eile.



Léigh a thuilleadh >>




Tá Seirbhísí Eagarthóireachta Ar Líne agus Bainistíochta Tionscadal á lorg ag an gComhairle Ealaíon i gcomhair Public art.ie

Tá tairiscintí á lorg don tseirbhís thuasluaite chun seirbhísí tacaíochta eagarthóireachta agus forbartha gréasáin a chur ar fáil don suíomh gréasáin www.publicart.ie. Is conradh trí bliana é seo agus d’fhéadfaí é a shíneadh ansin ar feadh bliain amháin eile.



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2019.



Léigh a thuilleadh >>




Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz

Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar Dhámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz ar an 26 Márta 2019. 

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 pm, Déardaoin, 25 Aibreán 2019.



Léigh a thuilleadh >>




Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 le haghaidh féilte a thosóidh agus a bheidh ar siúl idir Eanáir-Meitheamh 2020.

Is é seo a leanas an spriocdháta d’iarratais: Déardaoin, 9 Bealtaine 2019 ag 5.30 pm

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ó Dé Máirt, 9 Aibreán 2019.



Léigh a thuilleadh >>




An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5:30 pm, Déardaoin, 4 Aibreán 2019

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, 4 Aibreán 2019 ag 5.30 pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 5 Márta 2019 ar aghaidh.



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta don Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa, 2019

Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile den Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa an 12 Márta. Is é spriocdháta na scéime 5.30 p.m. Déardaoin, 11 Aibreán 2019. Glacfar le hiarratais ar shuíomh Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.



Léigh a thuilleadh >>




Scéim Ealaíontóir sa Phobal na Comhairle Ealaíon - Spriocdhátaí 2019

Dhá uair gach bliain, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil d'fhonn ealaíontóirí agus pobail áit agus / nó spéis a bheith ag obair le chéile ar thionscadail. Tá an Scéim á bhainistiú ag Cruthaigh.

 

Spriocdhátaí 2019: (Babhta 1) Dé Luain 25 Márta | (Babhta 2) Dé Luain 29 Iúil



Léigh a thuilleadh >>




John Broderick – bronntanas scríbhneora do Bhaile Átha Luain

Mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh le Cónaitheacht John Broderick, ar bronnadh an chéad chónaitheacht ar an bhfile Annemarie Ní Churreáin, tá Comhairle Contae na hIarmhí i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon ag cur fáilte roimh iarratais le haghaidh chónaitheacht 2019/2020.



Léigh a thuilleadh >>




Scoileanna Ildánacha – scoileanna as gach cearn den tír in ann iarratas a dhéanamh anois.

 

Tá ríméad ar Scoileanna Ildánacha a fhógairt go bhfuil scoileanna in ann iarratas a dhéanamh ar an togra anois go dtí 5.30 pm Déardaoin, 21 Márta 2019.  



Léigh a thuilleadh >>

Nuacht ón bPobal
Music Network ag fostú! Riarthóir Clár

Eagraíocht náisiúnta camchuairte agus forbartha ceoil is ea Music Network, atá paiseanta faoi cheol beo a chur ar siúl. Tá seasamh uathúil ag an eagraíocht in earnáil cheoil na hÉireann agus is acmhainn an-luachmhar atá ann d’fhorbairt agus do chur i láthair ceol beo d'ardchaighdeáin in Éirinn.  

Ag oibriú lena mBainisteoir Clár, tá Music Network anois ag iarraidh Riarthóir Clár a cheapadh le tacú le pleanáil, seachadadh agus bainistiú éifeachtach a gclár.



Léigh a thuilleadh >>




Cuireann tionscadal Thraid Éireann tús le taighde ar na dúshláin agus na deiseanna do chleachtóirí ealaíon traidisiúnta

Tar éis próiseas tairisceana iomaíoch, tá Jack Talty ceaptha ag Trad Ireland / Traid Éireann chun tuarascáil taighde a chur i dtoll a chéile chun scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin, na deiseanna, agus na tacaíochtaí atá ar fáil faoi láthair do chleachtóirí ealaíon traidisiúnta in Éirinn. Bronnadh maoiniú ar an tionscadal taighde seo ó Dhámhachtain na Comhairle Ealaíon do Thionscadail sna hEalaíona Traidisiúnta, 2019.



Léigh a thuilleadh >>




€270,250 FÓGARTHA LE HAGHAIDH SCÉIM CHAIPITIL CEOIL, 2019

Chuir Music Network fáilte inniu roimh an bhfógra a rinne Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, lenar dearbhaíodh maoiniú €270,250 don Scéim Chaipitil Ceoil, 2019.



Léigh a thuilleadh >>




Princesses can be Pirates / Taibhiú damhsa do scoileanna agus don teaghlach le haghaidh lucht féachana 4+

Cad is “gnáth-iompar” do chailíní agus do bhuachaillí ann? Taibhiú fuinniúil, spraíúil agus meidhreach, ceistíonn Princesses can be Pirates ár réamhthuairimí i dtaca le cúrsaí inscne ar bhealach spraíúil.



Léigh a thuilleadh >>




Promoting Autonomy: Arts + Health Check Up Check In 2019 - clár imeachtaí fógartha

Tá an clár imeachtaí do Arts + Health Check Up Check In 2019 díreach fógartha ag Artsandhealth.ie.  Is é Promoting Autonomy a bheidh mar théama ag an mórimeacht náisiúnta ealaíon agus sláinte seo ina dtabharfaidh an stiúrthóir ospíse, an tacadóir ealaíon, an teiripeoir ceoil agus an t-údar Nigel Hartley an spreagaitheasc, agus ina dtabharfaidh cuid de na cleachtóirí is nuálaí agus is ildánaí sna healaíona agus sa tsláinte in Éirinn inniu cuir i láthair.  Beidh Check Up Check In 2019 ar siúl Déardaoin, 11 Aibreán in Ionad Ealaíon Garter Lane, Port Láirge agus beidh fáilte roimh ghairmithe sláinte, cleachtóirí ealaíon agus roimh aon duine ar spéis leo tuilleadh a fhoghlaim faoin réimse bríomhar seo.  



Léigh a thuilleadh >>




Mindshift: The Business of Writing, Béal Feirste

Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag óstáil cúrsa faoi gach a mbaineann le ceird an scríbhneora lena n-áirítear an próiseas a bhaineann le hiarratais a scríobh i gcomhair sparánachtaí, cónaitheachtaí agus cúrsaí cúlráideacha, mar aon leis an dlí maidir le cóipcheart, conarthaí agus do chánacha a bhainistiú Dé Sathairn, 23 Márta ó 10.30 am – 4.30 pm in The Mac, Béal Feirste.



Léigh a thuilleadh >>




Sparánacht Ghaeilge 2019 ó Ionad Anam Cara / Áras Scríbhneoirí na hÉireann

Tá ríméad ar Áras na Scríbhneoirí agus ar Anam CaraTearmann Scríbhneoirí & Ealaíontóirí dul ag obair i gcomhpháirt le chéile chun cónaitheachtaí coicíse a thairiscint do scríbhneoirí Gaeilge chun am agus spás a thabhairt dóibh scríobh i nGaeilge nó saothar a fhorbairt i nGaeilge.



Léigh a thuilleadh >>


Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!

Tabharfaidh an treoirscéim deis do 500 ealaíontóir nó gairmí cultúir páirt a ghlacadh sa chlár turgnamhach seo a thástálfaidh tréimhsí éagsúla soghluaisteachta i gcomhair cuspóirí gairmiúla difriúla ar feadh sé mhí. 



Léigh a thuilleadh >>




An bhfuil tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar an Eoraip Chruthaitheach in 2019?An bhfuil tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar an Eoraip Chruthaitheach in 2019?

Cláraigh mar sin le haghaidh ‘Communications and your EU Culture Project’.  Beidh seisiún an-speisialta le DHR Communications ag an imeacht saor in aisce seo Dé hAoine, 8 Márta 2019 faoi chuid lárnach de do thogra tionscadail i gcomhair maoiniú AE a fhorbairt – an straitéis cumarsáide agus scaipthe.  Tá an clár iomlán agus eolas faoi chlárú ar fáil anseo.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdhátaí ag teacht aníos

Is é an chéad ghairm eile faoi Fhochlár Cultúir na hEorpa Cruthaithí ná Tacaíocht d’Aistriúcháin Liteartha.  Beidh deis ag foilsitheoirí a bhfuil sé de chumas acu iarratas a dhéanamh ar aistriúchán idir 3-10 saothar iarratas a chur isteach.  Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil. 



Léigh a thuilleadh >>