Beidh ról lárnach ag Stiúrthóir Forbartha Straitéisí na Comhairle Ealaíon, Martin Drury, in 30 Years, Artists, Places, seimineár a bheidh ar bun i nglór, Inis ar an Luan, an 7 Nollaig. Déanfar ceiliúradh ann ar 30 bliain ó ceapadh an chéad oifigeach ealaíon de chuid na n-údarás áitiúil in Éirinn. Ba í Comhairle Contae an Chláir, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, an chéad údarás áitiúil a cheap oifigeach ealaíon agus rinne an chuid eile amhlaidh ó shin i leith. Is é Cumann Oifigigh Ealaíon na nÚdarás Áitiúil a eagraíonn an t-imeacht, agus i measc na rannchuiditheoirí eile tá an Dr Ciarán Benson, iar-Chathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus Pat Cooke Stiúrthóir na Máistreachta i mBeartas Cultúrtha ag Bainistíocht Ealaíon ag UCD.
Ag tarlú ag an am céanna leis an seimineár seolfaidh Mick O'Dea, Uachtarán RHA, mórthaispeántas 30 Years, Artists, Places. Sa taispeántas seo, faoi stiúir Oifigeach Ealaíon Laoise, Muireann Ní Chonaill a bheidh i mbun coimeádaíochta air, tá saothar ealaíne ó bhailiúchán gach údarás áitiúil.
“Sa bhailiúchán seo atá ar taispeáint tá trácht ar áiteanna, daoine agus an baile, rudaí a léiríonn forbairt ealaíon na n-údarás áitiúil díreach mar sin, mar áit agus daoine, faoin tuath agus i gcathracha na hÉireann, an baile ar oileán atá ag athrú, áit a bhfuilimid ar bís le smaointe nua ach ceangailte leis an saol atá caite,” a deir an coimeádaí. Tá saothar ealaíontóirí clúiteacha mar Tony O'Malley, Alice Maher, Robert Ballagh, John Kindness, Norah McGuiness, Sean McSweeney, Sean Lynch agus John Shinnors mar aon le saothar ealaíontóirí nua a bhfuil gealladh fúthu Cora Cummins, Cleary Connolly, Lisa Fingleton, Jenny Brady, Vanessa Lopez agus David Stephenson le feiceáil sa taispeántas. Rachaidh sé ar chamchuairt forleathan sa dá bhliain seo amach romhainn le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Beidh an seimineár ar bun ag 14:00 ar an Luan, an 7 Nollaig. Is imeacht saor in aisce é ach is gá áiteanna a chur in áirithe roimh ré. Teil.: (065) 6843103 boxoffice@glor.ie