Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Deis na Comhairle Ealaíon Déardaoin an 4 Meitheamh 2015 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt an 5 Bealtaine 2015 ar aghaidh.
Is é cuspóir na Dámhachtana Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta nó do thionscadail faoi stiúir na n-ealaíon traidisiúnta ina mbeidh comhoibriú le foirmeacha eile ealaíne. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear aon mhaoiniú eile ar fáil faoin dámhachtain seo.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:
- Aird ar chaighdeán ealaíonta
- Nuálaíocht
- Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’ensemble agus d’eagraíochtaí.
Foilseofar Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh na Dámhachtana Deis ar an rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don iarratasóir a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
Tabhair faoi deara – Ní bheidh iarratais ar thionscadail atá bunaithe ar shaothar a thaifeadadh nó a fhoilsiú amhail ábhair theagaisc, bailiúcháin fonn, saothar léirmheastóireachta, etc., incháilithe le haghaidh Dámhachtain Deis ach is féidir iarratais mar sin a chur isteach ar Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis.