Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
 |
Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2020 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2021 an 9 Eanáir 2020.
Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ó lár mhí na Nollag 2019.
Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo Maoiniú Straitéiseach/Ionaid Ealaíon/Comhpháirtíochta a fháil cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Camchuairte 2019.
Tá an scéim Réamhphleanála oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo léiriúcháin a thabhairt ar camchuairt in 2010 (seachas eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú straitéiseach ilbhliantúil).
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.
Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
 |
|