Sheol an Chomhairle Ealaíon a treoir in aisce ar líne (www.events.artscouncil.ie) le linn na míosa. Clúdaíonn an treoir seo imeachtaí cultúrtha ar fud na tíre agus tugann sí faisnéis faoi raon leathan imeachtaí atá ar bun. Is féidir gnéithe a roghnú de réir contae, míosa nó catagóire - mar shampla féilte, ceolchoirmeacha, ceoldrámaí, drámaí agus na healaíona do dhaoine óga agus leanaí. Fógraíodh sonraí i mí Iúil faoi bheartas nua na Comhairle Ealaíon chun camchuairteanna a spreagadh ag an am céanna le foilsiú na tuarascála Beartas i leith camchuairteanna 2010-2015, a d'eascair ón obair a bhí déanta ag Turgnamh na Camchuairte. Spreagann an cur chuige nua eagraíochtaí ealaíon chun a gcuid saothar a thabhairt ar camchuairt ar fud na tíre agus is féidir le luchtanna féachana réigiúnacha a bheith ag súil le scoth na n-ealaíon Éireannacha a fheiceáil ina gceantar áitiúil. Ag leanúint le téama an lucht féachana, tá nuacht againn faoi Thionscnamh Lucht Féachana na nEalaíon maidir le ceardlanna nua meáin a bheidh ar siúl i Meán Fómhair.
Seoladh suíomh gréasáin nua ealaíne poiblí (www.publicart.ie) i mí Iúil freisin. Is acmhainn luachmhar a bheidh sa suíomh gréasáin spreagúil nua a choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon, le tacaíocht na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, dóibh siúd atá ag obair i réimse na n-ealaíon poiblí in Éirinn.
Fógraítear scéal sa nuachtlitir freisin faoi phleananna maidir le taighde forleathan mionsonraithe a dhéanamh ó cheann ceann an oileáin ar choinníollacha maireachtála agus oibre ealaíontóirí. Tá nuacht againn freisin faoi Object, taispeántas atá eagraithe ag Comhairle Cheardaíochta na hÉireann, a chuirfidh naoi saothar déag ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint.
Tá fógra tábhachtach sa nuachtlitir faoin Dámhachtain Taistil agus Oiliúna, agus i bhfógraí eile, tugtar sonraí faoi fhaighteoir sparánachta an Ireland Chair of Poetry le haghaidh 2009, agus faoi Scéim Taifeadta Deis sna healaíona traidisiúnta.
Cuirimid fáilte roimh thuarascáil atá foilsithe ag Fóram Cultúrtha Bhord Forbartha Chontae Dhún na nGall le déanaí, a léiríonn gur féidir leis na healaíona fostaíocht a spreagadh, níos mó turasóirí a mhealladh, féinmhuinín a chothú agus a bheith chun tosaigh sa téarnamh eacnamaíochta.
Is iad na hailt dheireanacha sa nuachtlitir ná na scéalta rialta faoi dheiseanna ón bPointe Teagmhála Cultúrtha agus nuacht ó phobal na n-ealaíon.
Mary Cloake
Stiúrthóir