San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Léacht an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: An Irishwoman Abroad: Maeve Brennan and the Streets of New York
Agallamh Poiblí le Laureate na nÓg, Eoin Colfer
Comhairliúchán NCCA – Athbhreithniú ar Cheol na Sraithe Sóisearaí
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Deontais agus Dámhachtainí
Meabhrúchán: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Déanann Arts & Disability Ireland agus an Chomhairle Ealaíon Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais (ADC) a fhógairt
Nuacht ón bPobal
Seimineár Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network
Tairiscintí á Lorg ó Scannánóirí le haghaidh Thionscadal Scannánaíochta na hÓige, Contae Loch Garman
Seimineár Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network

Is é ‘EXplore’ téama sheimineár bliantúil ISACS i mbliana agus é leagtha amach chun iniúchadh a dhéanamh ar mhodhanna cruthaithe, chun ionchais a leathnú agus chun críocha nua a aimsiú!

Bí linn chun teagmhálacha nua a dhéanamh, chun cloisteáil faoi thionscadail spreagthacha, chun súil a chaitheamh ar spás nua aoibhinn Thionscadal Sorcais Bhaile Átha Cliath agus díreach le féachaint ar na rudaí go léir atá ag tarlú sa phobal iontach ealaíontóirí seo!

Beidh siad seo a leanas i measc na gcainteoirí:

Noeline Kavanagh – Macnas: ‘Moments of Change, Inspiration & Realisation’
• Con Horgan – National Circus Festival of Ireland: ‘Widening Horizons & Challenging Audiences’
• Sarah Blanc – Moxie Brawl: ‘Swapping shores’
• Brian O’Connell – Circus Fergus: ‘Open your Mind & Step Beyond’
• Annette Nugent – Sainchomhairleoir Margaíochta & Cumarsáide: Réamhrá agus Babhta Tobsmaointe maidir le Tionscadal taighde ar Lucht Féachana ISACS
• Ceardlann maidir le ‘How can we use Digital Media to best effect!’

Beidh na Soláthraithe seo a leanas i láthair ar an lá:

• IOMST, Comhpháirtithe Árachais
• Andi Goodwin, Oibrí Rigí Aeróige
• Stephen McGinley, Fearais Sorcais

Agus mura bhfuil do dhóthain ansin, beidh ár gCruinniú Cinn Bhliantúil foirmeálta againn ansin agus beidh roinnt toghchán ar siúl le haghaidh poist éagsúla ar bhord ISACS. Treoirlínte an bhoird, poist atá folamh agus páipéir ainmniúcháin le teacht.

Seol RSVP chuig info@isacs.ie dá mba mhaith leat lón a bheith agat

Tá tuilleadh eolais ag an nasc seo a leanas:
http://www.isacs.ie/events/isacs-annual-seminar-explore/

Email Software by Newsweaver