San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Ailtireacht Taispeántais ag teacht aníos
Beidh beirt Laureate, Sebastian Barry agus Sarah Crossan, i láthair ag Féile Liteartha Iarthar Chorcaí
Poist mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in OÉ Gaillimh.
Athbhreithniú ar Ionaid Tionóil agus Ionaid Ealaíon
Beartas agus Straitéis le haghaidh Ionad Ealaíon 2019
Seisiúin faisnéise maidir le Maoiniú Ionad Ealaíon 2020
Deontais agus Dámhachtainí
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: 5.30pm, Déardaoin an 15 Lúnasa 2019
Comhalta Scríbhneoireachta Chruthaithí in UCD
Beyond Borders (Thar Teorainn)
Gairmeacha Oscailte 2020
Nuacht ón bPobal
Deis Fostaíochta: Oifigeach Forbartha Music Generation, Baile Átha Cliath Theas (Clúdach do Shaoire Mháithreachais)
Tugann Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann Séasúr spreagúil an Fhómhair / an Gheimhridh isteach
Uillinn: Clár Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí 2020 │ Glaoch ar Iarratais
Féadtar iarratas a dhéanamh anois ar Ghradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble 2019
Bailiúchán d’Fhoinn Chláirsí Bunting: Coimisiún Digiteach
Tugann Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann Séasúr spreagúil an Fhómhair / an Gheimhridh isteach

Tá an-áthas ar Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann Clár an Fhómhair agus an Gheimhridh a fhógairt, ina léirítear bailiúchán saibhir de shaothair éagsúla agus ceoltóirí aonair idirnáisiúnta sa chlár spreagúil seo.  Mar is iondúil, rachaidh an lucht féachana ar aistear iontach le ICO, agus beidh an t-aistear sin tumthach, ag taisteal trí aoiseanna éagsúla agus ag fiosrú saothar iontach na n-aoiseanna sin, mar aon leis an gceol nua a mhúsclaíonn na cúig chéadfa. Tá clú agus cáil ar Jörg Widmann (Príomh-Aoi-stiúrthóir/Páirtí Ealaíonta) agus ICO as a dtaibhithe tarraingteacha agus a n-indibhidiúlachas ealaíonta agus tá clár an tséasúir seo lán le héagsúlacht.

 

Cuireann ICO fáilte roimh an stiúrthóir, cumadóir agus an seinnteoir vióla, arbh as an Astráil ó dhúchas dó, Brett Dean, a sheinnfidh trí cheolchoirm chorraitheacha i mBaile Átha Cliath, i Luimneach agus i gCorcaigh (i gcomhar le Cork Orchestral Society) ón 11-13 Meán Fómhair faoi seach.  Agus é ar dhuine de na cumadóirí is rathúla dá ghlúin go hidirnáisiúnta; faigheann Dean inspioráid ó rudaí liteartha, polaitiúla, amhairc agus ó nithe a bhaineann leis an timpeallacht.  Cuireann Mozart a ghuth le ceol Bach, ag tabhairt aitheantais don mháistir fugue, agus Short Stories, de chuid Dean, cúig mhion-amhrán teibí dúisitheacha, mar eadarlúidí eatarthu. Tá saothair de chuid Mozart nach gcloistear go minic Masonic Funeral Music, mar aon le Trauermusik, saothar fíor-álainn ó Hindemith mar chuid den chlár neamhshaolta seo.  Mothaítear stua seasta mothúcháin nuair a éistear le Tenth Symphony ó Adagio atmaisféarach de chuid Mahler.

 

Beidh ICO ar ais i Staid Semple, i nDurlas, níos déanaí an mhí seo le casadh ag ceann amháin de na féilte rac is mó in Éirinn, Tipp Classical, Dé hAoine agus Dé Sathairn an 20 agus 21 Meán Fómhair.  Beidh bannaí rac-cheoil iomráiteacha lena n-áirítear The Stunning, Horslips, The Frank and Walters, Picturehouse, Sultans of Ping, Something Happens ag seinm ar an bpríomhstáitse in éineacht le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann don fhéile cháiliúil seo. 

 

Idir BBC Young Musician of the Future agus bainiseacha ríoga, beidh ICO ag obair leis an dordveidhleadóir óg iontach Sheku Kanneh-Mason den chéad uair i mbliana (23-24 Deireadh Fómhair)  Tá an domhan mór faoi gheasa bhua an dordveidhleadóra seo nach bhfuil ach 19 mbliana déag d’aois, agus is é an t-ealaíontóir Briotanach nua a dhíol an líon is mó albam – thar gach UILE seanrá, lena halbam Inspiration.  Cuirfidh sé Cello Concerto de chuid Saint-Saëns i láthair, bhí an-mheas ag daoine ar an saothar seo nuair a tháinig sé amach den chéad uair mar thoradh ar an gceol binn agus an scríbhneoireacht suáilceach atá le cloisteáil ann.  Agus é faoi stiúir Gabor Kali, atá ar dhuine de na stiúrthóirí is fearr san Eoraip, tapaigh an deis le Sheku Kanneh-Mason a fheiceáil ina chéad cheolchoirm in Éirinn le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann ag Ceoláras na hOllscoile, Luimneach, Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair agus in Eaglais Naomh Peadar, Droichead Átha, Déardaoin, 24 Deireadh Fómhair i gcomhar le Drogheda Classical Music.

 

Rachaidh Jörg Widmann agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann ar camchuairt sna SAM (16-20 Samhain) agus iad ag seinm ag ionaid tionóil mór le rá in Illinois, Nua-Eabhrac agus in Washington DC.  Cuirfidh siad 8th Symphony de chuid Mendelssohn i láthair, is saothar beag ach fíor-luachmhar é an ceann seo ina léirítear a spiorad mar dhéagóir.   Rinne ICO agus Stuttgarter Kammerorchester comhchoimisiúnú ar an athscríobh de Attempt at a Fugue le Widmann.  Tá an Soprán, Claron McFadden, arbh as na S.A.M di, i gcroílár na hoibre seo arís agus léiríonn a gleacaíocht lena guth cumhacht an ghuth an duine.  D’athchóirigh Mozart a C Fugue le haghaidh sreang, le Adagio ag an tús atá cosúil le réamhcheol Francach. Bhí ceol ón tréimhse a chaith sé ar an ollscoil mar spreagadh do Widmann agus é ag cumadh a Sheisréad le haghaidh Sreang, 180 Beats Per Minute, saothar fíor-nua. Léiríonn sé a éagsúlacht féin nuair a sheinneann sé Clarinet Quintet de chuid Weber, píosa thar a bheith drámatúil.  Tacaíonn Cultúr Éireann leis an gcamchuairt seo.

 

Dies Natalis, ceann de na saothair is fearr ó Finzi, ar an gclár ADVENT AND ARIAS, a bheidh ar siúl le linn mhí na Nollag. Déanann an teanóir, Robin Tritschler, machnamh ar an áthas agus ar an iontas a bhíonn ar leanbh nuabheirthe a bhfuil dearcadh soineanta aige ar an domhan. Beidh carúil féiltiúla á gcanadh ag Tritschler mar aon le aria ó Chandos Anthems de chuid Handel, The Lord Preserveth All Them That Love Him. Stiúrfaidh Katherine Hunka ICO in Adagio de chuid Albinoni, saothar álainn ina léirítear sármhaitheas barócach, mar aon le Serenade de chuid Elgar atá an-cháiliúil.  Tá Allegro de chuid Handel ar shaothar amháin de shraith dhá concerti grossi déag atá galánta agus slachtmhar, ina ndéanann sé na caidrimh idir uirlisí sreang, agus iad ag athrú i gcónaí, a fhiosrú go hilathraitheach.  Cuirfidh Katherine Hunka agus ICO an dá cheolchoirm fhéiltiúla seo i láthair le Tritschler ag Séipéal Bhaile na Manach, Baile Átha Cliath, Déardaoin, an 12 Nollaig agus in Ardeaglais Mhuire, Luimneach, Dé hAoine, an 13 Nollaig

 

Bí linn i gcomhair séasúr eile lán le ceol iontach! Tá Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann lonnaithe i nDámh Chruinne Éireann: Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh. Faigheann sí maoiniú ón gComhairle Ealaíon.  Tá tuilleadh faisnéise/íomhánna ar fáil ó charlotte.eglington@ul.ie

 

Féach ar www.irishchamberorchestra.com le haghaidh sonraí.   CLÁR IMEACHTAÍ THÍOS

 

 

CLÁR IMEACHTAÍ

 

MEÁN FÓMHAIR

 

Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann

Brett Dean Stiúrthóir/Vióla 

SHORT STORIES

 

Mozart Masonic Funeral Music in C beag, K.477 Maurerische Trauermusik

Mozart Prelude & Fugue in D beag, K405/4 (i ndiaidh BWV 877 de chuid J.S. Bach)

Dean Short Stories Uimh. 1 & 2 Devotional, Premonitions
Mozart Prelude & Fugue in E, K 405/3 (i ndiaidh BWV 878 de chuid Bach)
Dean Short Stories Uimh. 3 & 4 Embers, Komarov's Last Words
Mozart Adagio & Fugue in b beag (i ndiaidh BWV 849 de chuid Bach)
Dean  Short Stories Uimh. 5 Arietta
Mozart Adagio & Fugue in A beag, K 405/3 (i ndiaidh BWV 867 de chuid Bach)
Hindemith  Trauermusik le haghaidh Vióla amháin agus Sreang
Mahler Adagio de Shiansa Uimh. 10 (ar chóirigh Michelle Casteletti é le haghaidh Ceolfhoirne)

 

Dé Céadaoin, an 11 Meán Fómhair Eaglais Pharóiste Bhaile na Manach, Baile Átha Cliath @ 8pm www.irishchamberorchestra.com

Ticéid €25, €22, €10 do mhic léinn agus €5 do leanaí

Déardaoin, an 12 Meán Fómhair Scoil Cheoil Chorcaí, Corcaigh @ 7.30pm (Cumann Ceolfhoirneach Chorcaí) www.corkorchestralsociety.ie Ticéid €25, €20, €5, €15 do mhic léinn, €10 (do bhaill Chumann Ceolfhoirneach Chorcaí)

Dé hAoine, an 13 Bealtaine Ardeaglais Mhuire, Luimneach @ 8pm www.irishchamberorchestra.com

Ticéid €25, €22, €10 do mhic léinn agus €5 do leanaí

 

Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann

The Stunning, Sultans of Ping, Mundy, Picturehouse, The Frank and Walters,

Therapy, Something Happens

TIPP CLASSICAL

Dé hAoine, an 20 Meán Fómhair Staid Semple, Tiobraid Árann @ 3pm

Dé Sathairn, an 21 Meán Fómhair            Staid Semple, Tiobraid Árann @ 11 am www.ticketmaster.ie

 

DEIREADH FÓMHAIR

Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann

Gábor Káli Stiúrthóir

Sheku Kanneh-Mason Dordveidhil

SAINT-SAËNS’ CELLO CONCERTO

 

Beethoven Egmont Overture, Op. 84

Deirdre McKay Meltwater

Saint Saens Cello Concerto Uimh. 1  in A beag, Op. 33

Bizet Siansa i mórghléas C

 

Dé Céadaoin, an 23 Deireadh Fómhair    Ceoláras na hOllscoile, Luimneach @ 8pm 061 331549 www.uch.ie

Ticéid €25, €22, €10 do mhic léinn agus €5 do leanaí

Déardaoin, an 24 Deireadh Fómhair Eaglais Naomh Peadar, Droichead Átha @ 7.30pm

 (Ceol Clasaiceach Dhroichead Átha) 041 983 3946 www.droichead.com Réamhíocaíocht €19, €17 lascaine*, €5 mac léinn/leanbh 

 

 

 

 

 


SAMHAIN

 

Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann

Jörg Widmann Stiúrthóir/Clairinéad

Claron McFadden Soprán

Camchuairt S.A.M.

 

Mendelssohn Siansa Uimh. 8 le haghaidh Sreang

Widmann Attempt at a Fugue le haghaidh Sopráin & Ceolfhoirne

(Coimisiún ICO/Stuttgarter Kammerorchester i gcomhair Cheolfhoireann Téaduirlisí)

Mozart Adagio and Fugue in C Beag, K. 546

Widmann 180 Beats per Minute

Weber Cúigréad le haghaidh Clairinéid agus Sreang, Op. 34

 

Dé Sathairn, an 16 Samhain        Edman Chapel, Wheaton College, Illinois @ 7.30pm

Dé Máirt, an 19 Samhain Zankel Hall, Carnegie Hall, Nua-Eabhrac @ 7.30pm

Dé Céadaoin, an 20 Samhain Library of Congress, Washington DC (ar díol ó mhí Lúnasa ar aghaidh)

 

 

MÍ NA NOLLAG

 

Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann

Katherine Hunka Stiúrthóir

Robin Tritschler Teanór

 

ARIAS & ADVENT

 

Albinoni Adagio in G beag athchóirithe ag Remo Giazotto (Cóiréagrafaíocht: Diane Daly)

Finzi Dies Natalis, Op. 8

Elgar Saranáid le haghaidh Sreang in E beag, Op. 20

Handel The Lord preserveth all them that love him ó Chandos Anthem Uimh. 5, HWV 250c

Handel Allegro ó Concerto Grosso i mórghléas D, Op 6 Uimh. 5, HWV 323

Carúil Nollag

 

Déardaoin, an 12 Nollaig              Eaglais Pharóiste Bhaile na Manach, Baile Átha Cliath @ 8pm www.irishchamberorchestra.com

Ticéid €25, €22, €10 do mhic léinn agus €5 do leanaí

Dé hAoine, an 13 Bealtaine Ardeaglais Mhuire, Luimneach @ 8pm www.irishchamberorchestra.com

Ticéid €25, €22, €10 do mhic léinn agus €5 do leanaí

 

 

                                             WWW.IRISHCHAMBERORCHESTRA.COM