Dámhachtain Scríbhneora Óig Marian Keyes
Cruthaíodh an dámhachtain seo le tacaíocht airgeadais, ar fiú €500 é, a thabhairt do bheirt scríbhneoirí óga le linn na chéad sé mhí de 2019 chun cabhrú leo:
- Freastal ar oiliúint forbartha gairmiúla de chuid Áras na Scríbhneoirí
- Freastal ar fhéilte liteartha
- Freastal ar dheiseanna líonraithe eile i réimse na litríochta
Incháilitheacht: Tá an dámhachtain seo oscailte do scríbhneoirí idir 18 agus 26 bliain d’aois a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann agus a bhfuil suim láidir acu sa scríbhneoireacht, sa léamh agus a bhfuil uaillmhian acu nasc a dhéanamh agus cur le saol liteartha na hÉireann.
Spriocdháta na n-iarratas: Dé Luain, 18 Feabhra ag a 4.00 pm.
Tá tuilleadh faisnéise agus sonraí faoin gcaoi le hiarratas a chur isteach ar fáil tríd an nasc thíos:
https://irishwriterscentre.ie/products/marian-keyes-young-writer-bursary
|