Scéim Ensembles na nÓg 2021
Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go criticiúil le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, ealaín sráide, seónna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannáin, ceol, amharclannaíocht, litríocht, na hamharc-ealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.
Baineann dhá shnáithe le Scéim Ensembles na nÓg. Ba cheart duit an snáithe is oiriúnaí do d’ensemble agus do thogra a roghnú. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon snáithe amháin. Is é €10,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é €25,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 2.
Snáithe 1
Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi thionscadal nó thionscnamh nua a fhorbróidh cleachtas agus taithí na ndaoine óga a bheidh páirteach ann. D’fhéadfá cur isteach ar suas le €10,000. Féadfaidh ensembles nua agus seanbhunaithe cur isteach ar an scéim seo agus ní mór dóibh a n-acmhainn a léiriú le tionscadal ealaíonta ardchaighdeáin a fhorbairt agus a sholáthar
Snáithe 2
Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi chlár oibre a fhorbraíonn obair an ensemble. Is le haghaidh tograí a chosnóidh níos mó ná €10,000 agus nach mó ná €25,000 an snáithe seo. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina ensembles seanbhunaithe a bhfuil cuntas teiste acu ar thionscadail nó ar chláir ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil. Ní mór d’iarratasóirí ar an snáithe seo a chur in iúl cén fáth a dteastaíonn buiséad níos mó ná an buiséad atá ar fáil faoi Shnáithe 1.
Is féidir leat roinnt leideanna a léamh faoi iarratas a ullmhú agus féachaint ar fhíseán ina bhfuil daoine a fuair dámhachtain roimhe seo anseo.
Glacfar le hiarratais ar líne ó Dé Máirt an 16 Márta 2021 agus beidh Treoirlínte iomlána ar fáil roimh ré.
Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016-2025.