San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Bealtaine dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland buaiteoirí na scéime Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2020
Deontais agus Dámhachtainí
Scoileanna Ildánacha – Síneadh leis an Spriocdháta Iarratais
John Broderick – bronntanas scríbhneora do Bhaile Átha Luain
Nuacht ón bPobal
Music Network – Ceannas a Ghlacadh ar do Ghairm Taibhithe 2020
Téann #TinyPlayChallenge de chuid Fishamble ar chamchuairt dhomhanda
Cúrsaí Scríbhneoireachta ar líne ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann
Seoladh Aonach Úrscéalta 2021
Scoileanna Ildánacha
CSTV – Scoileanna Ildánacha ag tacú le Cruthaitheacht Leanaí agus Daoine Óga ar fud na hÉireann
Scoileanna Ildánacha – Síneadh leis an Spriocdháta Iarratais

Tá síneadh curtha ag Scoileanna Ildánacha leis an spriocdháta do scoileanna/ionaid le hiarratais a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2020.

De bharr dhúnadh na scoileanna fanfaidh iarratais ar Scoileanna Ildánacha 2020 oscailte go dtí an spriocdháta nua ag 17:30, Déardaoin, 25 Meitheamh 2020.  

Tá tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta.

Tá sé mar aidhm ag Scoileanna Ildánacha na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga agus i mbliana tiocfaidh 150 scoil/ionad nua isteach sa chlár. Oibreoidh scoileanna rannpháirteacha in éindí le Comhlach Cruthaitheach a chabhróidh leo a bplean Scoileanna Ildánacha féin a fhorbairt chun tuiscint, forbairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona ina scoil.  Dámhfar deontas aon uaire do scoileanna dar luach €4,000 (san iomlán) chun a gcuid pleananna a chur chun feidhme thar an dá scoilbhliain 2020–21 agus 2021–22.