San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, an 19 Eanáir 2017
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici le haghaidh 2017/18
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2017
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5.30pm, Déardaoin, an 16 Feabhra 2017
Nuacht ón bPobal
Gairm oscailte ar Choimisiún Pobalghníomhach
Stiúrthóir á lorg ag Eva International
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Gairmeacha atá ag teacht aníos ar mhaoiniú i bhFochlár Cultúir de chuid na hEorpa Cruthaithí
An scéal is déanaí ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa reifreann i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach de chuid na hEorpa Cruthaithí
Deiseanna d’ealaíontóirí i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Eoraip Chruthaitheach faoi láthair
Deiseanna maoiniúcháin eile an AE
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir labhairt ag d’imeacht
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, an 19 Eanáir 2017

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 19 Eanáir 2017

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 20 Nollaig 2016 ar aghaidh


Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Ailtireacht
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Litríocht (Béarla)
  • Ceol
  • Ceoldráma
  • Sráidealaín & Seónna
  • Téatar
  • Na Físealaíona


Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.


Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.


Tabhair faoi deara


Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh. 

Email Software by Newsweaver