Clár sé mhí sa cheapadóireacht drámaí le Finnegan Kruckemeyer
do dhrámadóirí bunaithe agus nua ar spéis leo scríobh do lucht féachana óg
Tá áthas ar Fhéile Idirnáisiúnta Baboró do Pháistí, Graffiti Theatre agus TYA Ireland comhoibriú leis an Drámadóir TYA Idirnáisiúnta Finegan Kruckemeyer le clár nua sa cheapadóireacht drámaí a óstáil do scríbhneoirí agus do dhéantóirí amharclannaíochta in Éirinn a bhfuil spéis acu a bheith ag scríobh do lucht féachana óg.
Ag tráth a bhfuil an domhan agus an fad idir tíortha idir bheag is mhór, tarlóidh comhoibriú, a chlúdóidh leath den domhan, agus leathbhliain, agus a bheidh spreagtha ag an gcúis is mó a thugann spreagann dúinn – rud éigin a chruthú as dada.
Ag tosú amach as an nua, freagróidh údair Éireannacha d’áiseanna agus do shuíomhanna scríbhneoireachta agus iad ag iniúchadh na hamharclannaíochta do lucht féachana óg, cad atá i gceist le dráma TYA, agus cén dráma TYA is mian leo a dhéanamh.
Ach níos tábhachtaí ná an lucht féachana, tá an smaoineamh. Agus iad ag scríobh faoi théamaí sollúnta agus seafóideacha, aisteacha agus aitheanta, chomh leathan leis an bhfarraige agus chomh beag le bád a d’fhéadfadh a bheith ag luascadh air, ceiliúrfar ocht nguth aonair, chomh maith lena gcuid drámaí go mbeidh siad críochnaithe.
Cé dó é seo?
Tá an deis seo ar fáil do dhrámadóirí bunaithe agus nua, a bhfuil cónaí uirthi in Éirinn, ar spéis leo drámaí a scríobh do dhaoine óga. Molaimid iarratais ó ealaíontóirí faoi mhíchumas, ealaíontóirí as pobail mhionlaigh eitnigh, iad siúd a measann nach ndéantar ionadaíocht go coitianta ar a gcuid tuairimí. Tá ocht n-áit ar fáil ar an gclár.
Cuirimid fáilte roimh scríbhneoirí Gaeilge páirt a ghlacadh sa tionscadal seo trí mheán na Gaeilge. Cuirfimid tacaíocht agus aistriúchán ar fáil chun turas sa scríbhneoireacht dhátheangach a chur ar fáil le Fin. Is féidir samplaí de scríbhneoireacht sa Ghaeilge a chur leis an iarratas seo.
Cuirimid fáilte roimh scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge acu páirt a ghlacadh sa togra seo as Gaeilge. Cuirfear tacaíocht agus aistriúcháin ar fáil chun an turas scríbhneoireachta dátheangach le Fin a éascú. Is féidir samplaí Gaeilge a bheith mar chuid den iarratas.
An gá dom taithí a bheith agam ar an scríbhneoireacht chun iarratas a dhéanamh?
Ní gá duit taithí a bheith agat ar cheapadh drámaí ach tá díograis agus paisean don amharclannaíocht do lucht féachana óg chomh maith le scéal maith riachtanach. Cuirfear uirlisí ar fáil don ochtar ealaíontóirí roghnaithe a chríochnóidh an clár chun drámaí spéisiúla, nuálacha agus uaillmhianacha a scríobh do leanaí. Tá súil againn go spreagfar na rannpháirtithe sa chlár seo chun maoiniú a lorg ionas go bhforbrófar, go léireofar agus go gcuirfear i láthair a saothar ar stáitsí na hÉireann agus an domhain.
Cén uair a bheidh an cúrsa ar siúl?
Beidh an clár ar siúl i rith sé cheardlann Zoom ar feadh dhá uair an chloig idir mí an Mhárta agus Meán Fómhair 2021 agus é mar aidhm go mbuailfeadh na rannpháirtithe le chéile ag féile bhliantúil Baboró i nGaillimh i mí Dheireadh Fómhair 2021. Reáchtálfar seisiúin buneolais ar feadh uair an chloig i mí an Mhárta ionas go mbeidh na rannpháirtithe in ann aithne a chur ar Finegan agus ar a chéile. Beidh ar na hiarratasóirí rathúla freastal ar na 7 gceardlann fhíorúla agus am a chaitheamh i mbun machnaimh, léitheoireachta agus scríbhneoireachta idir na ceardlanna míosúla.
Dátaí ceardlainne:
Seo a leanas dátaí na gceardlann fíorúil agus d’fhéadfadh sé go n-athrófaí iad ach fógra a thabhairt roimh ré:
Seisiún Buneolais: Dé Máirt 9 Márta, 9am - 10am
Ceardlanna: Dé Máirt 9am – 11am
23 Márta, 20 Aibreán, 18 Bealtaine, 22 Meith, 20 Iúil, 14 M.F.
Cruinniú i bPearsa: Idir an 4 agus an 17 Deireadh Fómhair 2021 (Le deimhniú)
Costas an chláir:
Tá an clár ceardlainne saor in aisce do rannpháirtithe a bhuíochas do mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon trí Baboró agus Graffiti. Cuirtear i láthair é i gcomhar le UCD agus TYAI.