San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Nollag dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
ilDÁNA 2020 / 2021
Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe
Gairm Oscailte Expo 2020
Anailís ar Riachtanais Oiliúna Earnáil Náisiúnta na nEalaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona 2021
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 16 Eanáir 2020
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Nuacht ón bPobal
Deis poist iontach ag Dance Theatre of Ireland – Feidhmeannach Margaíochta agus Airgeadais
Tá Little Island Books ag earcú!
Scéim Ensembles na nÓg 2020

Scéim Ensembles na nÓg 2020

 

Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus ceithre bliana is fiche d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó a théann i ngleic go criticiúil le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, sráidealaín, seónna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, amharclannaíochta, litríocht, na hamharc-ealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.

Baineann dhá snáithe le Scéim Ensembles na nÓg. Ba cheart duit an snáithe is oiriúnaí do d’ensemble agus do thogra a roghnú. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon snáithe amháin. Is é €10,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é €25,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 2.

 

Snáithe 1

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi thionscadal nó thionscnamh nua a fhorbróidh cleachtas agus taithí na ndaoine óga a bheidh páirteach ann. D’fhéadfá cur isteach ar suas le €10,000. Féadfaidh ensembles nua agus seanbhunaithe cur isteach ar an scéim seo agus ní mór dóibh a n-acmhainn a léiriú le tionscadal ealaíonta ardchaighdeáin a fhorbairt agus a sholáthar

Snáithe 2

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi chlár oibre a fhorbraíonn obair an ensemble. Is le haghaidh tograí a chosnóidh níos mó ná €10,000 agus nach mó ná €25,000 an snáithe seo. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina ensembles seanbhunaithe a bhfuil cuntas teiste acu ar thionscadail nó ar chláir ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil.  Ní mór d’iarratasóirí ar an snáithe seo a chur in iúl cén fáth a dteastaíonn buiséad níos mó ná an buiséad atá ar fáil faoi Shnáithe 1.

Féadfaidh tú féachaint ar fhíseán ina roinneann buaiteoirí sna blianta roimhe seo leideanna maidir le hiarratas a dhéanamh ar an scéim.

 

Má tá spéis agat cur isteach ar an scéim seo, íoslódáil agus léigh na treoirlínte anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Sceim-Ensembles-na-n-Og/

 

Glacfar le hiarratais ar líne ó Dé Máirt, 14 Eanáir 2020.

 

Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016-2025