San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí na Nollag de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
Nuacht na míosa seo
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Mary Costello, Thomas Morris agus Tramp Press, Paul Durcan agus Colin Barrett as a gcuid éachtaí nua.
An Chomhairle Ealaíon: ‘Straitéis nua do na healaíona in 2015’
Meabhrúchán: Imeacht don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach: bí i láthair le scoth na dtaibheoirí Éireannacha chun an ficsean Éireannach is fearr a cheiliúradh
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2015
Meabhrúchán: An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin an 22 Eanáir 2015
Meabhrúchán: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Le Scéim na bhFoilseachán /Teideal ar Theideal 2015 cinntí
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Nuacht ón bPobal
Nuacht ón bPobal
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Meabhrúchán: An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Is é an 4 Nollaig an spriocdháta don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna ó Iúil go Nollaig 2015. Tá an spriocdháta don snáithe Réamhphleanála don scéim seo mar a chéile leis an spriocdháta le haghaidh turas ó Eanáir go Nollaig 2016.


Mar aon le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann é a dhéanamh níos éasca dul ar camchuairt trasna na teorann. Fágann sé sin gur féidir dátaí i gceachtar dlínse a lua sna hiarratais ón Tuaisceart agus ón Deisceart agus má éiríonn leis an iarratas, tabharfaimid tacaíocht do gach céim den chamchuairt.


Spreagadh é seo do chompántais agus d’ionaid comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin ar fad. Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta. Mar sin de, tá súil againn go neartóidh comhoibriú an dá Chomhairle Ealaíon ina leith sin an ceangal idir ealaíontóirí sa dá dhlínse.


I gcomhair sonraí ginearálta ar an scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.

Email Newsletter Software by Newsweaver